Written answers

Thursday, 14 December 2023

Department of Finance

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

218. To ask the Minister for Finance cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55995/23]

Photo of Michael McGrathMichael McGrath (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon bhuiséad ag mo Roinnse le haghaidh fógraíochta, agus ní raibh aon chaiteachas fógraíochta ag an Roinn in 2023.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

219. To ask the Minister for Finance cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56015/23]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

221. To ask the Minister for Finance cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56051/23]

Photo of Michael McGrathMichael McGrath (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 219 and 221 together.

Tá an teolas thíos curtha ar fáil ag na comhlachtaí Stáit atá faoi scáth mo Roinne a chomhlíonann an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí, mar atá sainmhínithe faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, a thabhaigh caiteachas fógraíochta laistigh den amlíne sonraithe.

Tuigenn an Banc Ceannais an fheagracht atá air maidir le fógraíocht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá sé gníomhach le na chinntiú go gcomhlíonfaidh sé na dualgais sin. Beidh an Banc Ceannais ag ullmhú tuairisce ina leith sin dó 2023 ag deireadh na bliana seo. Cuirfidh an Banc Ceannais an teolas seo ar fáil don Choimisinéir Teanga mar atá leagtha amach d’réir dlí, níl an teolas are fad curtha le chéile fós. Chuirfidh an Banc Ceannais an teolas cuí ar fháil don teachta in am tráth.

Deimhníonn an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean gur i nGaeilge a bhí 21% dá phostálacha meán sóisialta in 2023. Deimhníonn an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean gur chaith siad 12% dá chaiteachas fógraíochta ar an nGaeilge. Tabhair do d’aire, le do thoil, gur ar ardáin na meán Gaeilge a rinneadh an fhógraíocht ar fad ar íocadh as Gaeilge.

Deimhníonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta go mbainfidh amach a cuid oibleagáidí de bhun Alt 6 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 faoi dheireadh 2023. Go dtí seo, tá 24% do fograíocht an Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta i nGaeilge agus íocadh agus/nó fabhraíodh 4.6% dá caiteachas fógraíochta ar fhógraíocht a rinneadh i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge in 2023.

Don bhliain 2023 go dtí seo, chaith Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste 57% dá caiteachas fógraíochta sa Ghaeilge. Bainfidh an Oifig an t-íosmhéid 20% atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, amach. Don bhliain 2023 go dtí seo, chaith Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste 14% dá caiteachas fógraíochta sna meáin lán-Ghaeilge. Foilsíodh an fhógraíocht ar fad eile i mBéarla agus i nGaeilge. Bainfidh an Oifig an t-íosmhéid 5% atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, amach.

Deimhníonn Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil 36% dá bhfógraíocht I nGaeilge in 2023. Bhí 5% dá gcaiteachas fógraíocht in 2023 ar na meáin Ghaeilge.

Bhí caiteachas iomlán de 5.01% ar na meáin aGaelach agus bhí 42% ar fhógraíocht I nGaeilge ag feachtais mhargaíochta bliantúil an Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSC) do 2023. Comhlíonfaidh CBSÉ na riachtanais atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

220. To ask the Minister for Finance cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56033/23]

Photo of Michael McGrathMichael McGrath (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon bhuiséad ag mo Roinnse le haghaidh fógraíochta, agus ní raibh aon chaiteachas fógraíochta ag an Roinn in 2023.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.