Written answers

Thursday, 14 December 2023

Department of Defence

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

182. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55991/23]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

183. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56011/23]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

184. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56029/23]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

185. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56047/23]

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 182 go 185, go huile, le chéile.

Tá an Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann lántiomanta a ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chomhlíonadh, lena n-áirítear an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí maidir le fógraíocht, cumarsáid ghinearálta agus cumarsáid tráchtála a bhíonn ag plé leis an bpobal, dá bhforáiltear in alt 10A d’[Acht 2003], a tháinig i bhfeidhm an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Tá mo Roinnse agus Óglaigh na hÉireann ag obair chun a chinntiú go gcuirfear ar a laghad 20 faoin gcéad d’fhógraíocht ar bith ar fáil i nGaeilge agus go n-úsáidfear 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaitear ar fhógraíocht in aon bhliain chun fógraíocht a chur i bhfeidhm trí mheáin Ghaeilge.

Mar is eol don Teachta, ní mór do chomhlachtaí poiblí tuairisceán comhlíontachta a chomhdú leis an gCoimisinéir Teanga tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 i ndáil le fógraíocht 2023. Beidh an tuairisceán atá curtha isteach ag comhlachtaí poiblí mar bhonn ag an gCoimisinéir Teanga chun comhlíonadh na gcomhlachtaí poiblí sin maidir lena gcuid oibríochtaí fógraíochta a thomhas le linn 2023.

Níorbh fhéidir an t-eolas a d’iarr an Teachta a thiomsú san am a bhí ar fáil ach, a luaithe a bheidh sé curtha le chéile, tabharfaidh mo Roinn freagra díreach dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.