Written answers

Thursday, 14 December 2023

Department of Justice and Equality

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

396. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56002/23]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le hAlt 10.1B d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, tá mo Roinnse tar éis bheith ag obair leis an ngníomhaireacht atá ar conradh chun 5% den bhuiséad fógraíochta a leithroinnt ar mheáin Ghaeilge, mar a cheanglaítear le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú. Le linn na bhfeachtas tosaigh, thug an ghníomhaireacht roinnt deacrachtaí faoi deara maidir le fardal leordhóthanach meán Gaeilge a dhéanfadh éascaíocht ar an sprioc sin a bhaint amach a bheith ar fáil. Dá ainneoin sin, tá 3.2% san iomlán bainte amach le meáin Ghaeilge go nuige seo, agus tá mo Roinnse ag gabháil i gcónaí d’fheachtais ghníomhacha ar ceart go gcuideoidís leis an gcéatadán sin a ardú.

Cuirfidh mo Roinnse, i gcomhréir le ceanglais dlí, tuarascáil mhionsonraithe ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ngíomhaíocht fógraíochta i nGaeilge i 2023 in am do sprioc Mhárta 2024.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

397. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56020/23]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

399. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56056/23]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 397 and 399 together.

Níorbh fhéidir an t-eolas a chur i dtoll a chéile san achar iarrtha ama. Rachaidh mé i dteagmháil leis an Teachta go díreach a luaithe a bheidh an t-eolas ar fáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

398. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56038/23]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, foráiltear le hAlt 10.1A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, nach foláir gur i nGaeilge a bheidh 20% ar a laghad d’fhógraíocht. Tá treoir úsáideach ina leith sin curtha ar fáil, chomh maith, ag an gCoimisinéir Teanga.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go dtuigeann mo Roinnse an gá atá leis an sprioc sin a bhaint amach agus, chuige sin, déantar monatóireacht ar ghníomhaíocht fógraíochta thar chainéil meáin shóisialta, agus déantar an ghníomhaíocht sin a thomhas. Tá áthas orm a thuairisciú go gcomhlíonann 25.1% den ghíomhaíocht fógraíochta sin go nuige seo ceanglas Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, mar fhógraíocht ‘arna déanamh i nGaeilge’.

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta, thairis sin, go gcuirfidh mo Roinnse, i gcomhréir le ceanglais dlí, tuarascáil mhionsonraithe ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ngíomhaíocht fógraíochta i nGaeilge i 2023 in am do sprioc Mhárta 2024. Táim muiníneach, de bharr na ngníomhartha thuas, gur féidir linn an ceanglas 20% dár gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.