Written answers

Thursday, 7 December 2023

Department of Housing, Planning, and Local Government

Cumarsáid Aireachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

17. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cur síos a dhéanamh ar an ról atá, má tá, ag a Roinn in ullmhúcháin do threoirlínte maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht; chun a fhiafraí dó ar labhair sé féin nó Rannóg na Gaeltachta le haon eagrais Ghaeilge nó Ghaeltachta maidir leo [53895/23]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

19. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén uair a fhoilseofar na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht; an mbeidh forálacha speisialta do na hoileáin Ghaeltachta sna treoirlínte seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54175/23]

Photo of Malcolm NoonanMalcolm Noonan (Carlow-Kilkenny, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 17 agus 19 le chéile.

Tá Grúpa Idir-Rannach (ina bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus Údarás na Gaeltachta) ag leanúint lena chuid oibre maidir le treoir phleanála ar leith a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre ar leith ann freisin atá comhdhéanta den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha le ceantair Ghaeltachta.

Ag an gcruinniú den Ghrúpa Idir-Rannach ar an 15ú Nollaig 2022, comhaontaíodh go gcuirfeadh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán staidéar ar bun in 2023 ar mhodheolaíocht agus formáid do Ráitis Tionchair Teangeolaíochta mar phríomheilimintí de threoirlínte pleanála amach anseo do cheantair Ghaeltachta. Cuireadh tús leis an staidéar seo ina dhiaidh sin i mí Feabhra 2023. Tá moltaí tosaigh faighte ó chomhairleoir, a bhfuil a chuid oibre ag druidim chun críche, agus tá sé seo mar bhonn eolais do dhréacht-treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta. Tionóladh roinnt cruinnithe den Ghrúpa Idir-Rannach in 2023 agus tá rannpháirtíocht dhéthaobhach na Roinne fós ar siúl.

Tá na dréacht-treoirlínte pleanála do na ceantair Ghaeltachta á dtabhairt chun críche faoi láthair le haghaidh m'athbhreithnithe ar an gcéad dul síos agus ansin scagthástáil éigeantach faoi dhlí an AE do Mehasúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC), agus chun críocha na Measúnachta Cuí (MC). Tá sé beartaithe, faoi réir thoradh na gcleachtaí scagtha, go bhfoilseofar dréacht-treoirlínte ansin le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Beidh gach eagraíocht áitiúil i gceantair Ghaeltachta agus an pobal, lena n-áirítear grúpaí teanga, in ann a gcuid tuairimí ar an dréacht a chur isteach le linn na céime comhairliúcháin seo chun mo Roinnse a bhreithniú.

Ní mór d’údaráis phleanála aird a thabhairt ar na Treoirlínte maidir le Pleanáil Tithíochta Tuaithe Inbhuanaithe ó 2005 maidir le gach iarratas ar thithe i gceantair thuaithe, lena n-áirítear ar oileáin amach ón gcósta. Tugann na treoirlínte seo deis do dhaoine a bhfuil naisc áitiúla láidre acu a mbaile féin a thógáil ina gceantar féin ar an gcoinníoll nach bhfuil brú suntasach forbartha uirbí ar an gceantar. Tá treoirlínte nuashonraithe maidir le Tithíocht Tuaithe á ndréachtú ag mo Roinn faoi láthair chun comhsheasmhacht a chinntiú le ceanglais agus reachtaíocht nua beartais ag leibhéal náisiúnta agus AE.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.