Written answers

Tuesday, 5 December 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

81. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 45986/23, soiléiriú a thabhairt ar an bplean atá tagtha as an obair athbhreithniúcháin atá déanta ag Údarás na Gaeltachta faoin bpunann iomlán mhaoine atá aige agus ar na féidearthachtaí forbartha atá ann; soiléiriú a thabhairt ar na hacmhainní airgeadais a bheidh ag teastáil chun an plean a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53608/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an t-athbhreithniú ar phunann maoine na heagraíochta críochnaithe anois. Mar a thuigim, tá taighde déanta ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann sna seacht gcondae Gaeltachta agus tá cainteanna ar bun ar bhonn leanúnach leis na cliaintchomhlachtaí atá ina dtionóntaí cheana féin agus le cliaint nua atá ag iarraidh spáis tráchtála nó spás níos mó a thógáil ar cíos. Níos minicí ná a mhalairt bíonn obair le déanamh ar fhoirgintí mar chéad chéim do thionóntaí agus bíonn aon chaiteachas caipitil le glanadh ag Bord an Údaráis.

Bíonn iarratais ar allúntais caipitil ag dul os comhair an Bhoird ar bhonn leanúnach agus, mar is eol don Teachta, fógraíodh, mar shampla, 100 post i monarchan theic-leighis Freudenberg ar an 2ú Dheireadh Fómhair sa Spidéal i gCo. Na Gaillimhe. Bíonn saolré fada i gceist lena leithéid d'fhógra, áit ar bunaíodh an comhlacht sin seacht mbliana déag ó shin agus gur deineadh infheistíocht de nach mór €2m ar mhaithe le foirgneamh ar an gcaighdeán cuí a fhorbairt a mheallfaidh rólanna ar ardchaighdeán chun na Gaeltachta i bhfianaise géar-iomaíocht d'infheistíocht dá leithéad.

Tuigim go bhfuil próiséis inmheánacha pleanála ag teacht chun críche san Údarás a bheidh mar bhunchloch d'fhorbairtí nua a bheidh ag dul os comhair Bhord Údarás na Gaeltachta le hallúntas caiptil a cheadú do thograí a bheidh ar bun as seo go ceann roinnt blianta.

Ta sé curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil teagmháil leanúnach ar bun le cliaint reatha agus cliaint nua, údaráis áitiúla, soláthreoirí seirbhísí agus dearthóirí. Beidh na tograí sin ar fad á bhforbairt go céimiúil le dul i dtreo an phróisis pleanála agus aon chomhairliúcháin poiblí a bhaineann leis an bpróséis sin.

Tá teagmháil leanúnach ar bun ag an Údarás le mo Roinn ar na ábhair seo agus beidh deis, i gcomhthéacs Bhuiséad 2024, baill foirne leis na scileanna cuí a earcú a bheidh ag teastáil leis an obair seo a bhrú chun cinn.

Tá achoimre ar phunann an Údaráis ceangailte leis seo mar áis don Teachta.

Additional information to be added.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.