Written answers
Tuesday, 5 December 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Acht na Gaeltachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
284. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Cheist Pharlaiminte Uimh. 9 an 19 Deireadh Fómhair 2023, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an obair athbhreithniúcháin ar na chéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; cathain a thosófar an obair athbhreithniúcháin ar na bpleananna eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53630/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.
Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.
Is iad seo a leanas an 10 Limistéir Pleanála Teanga atá i gceist:
- Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
- Ná Déise;
- Ciarraí Theas;
- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
- Ciarraí Thiar;
- Conamara Láir;
- An Cheathrú Rua;
- Maigh Eo Thuaidh;
- Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,
- Árainn Mhór.
Níl aon cheist faoi ach go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Barr Feabhas agus iad ag obair i dtreo athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga ábhartha. Tá deimhnithe arís ag Barr Feabhas le hoifigigh mo Roinne go leanfaidh siad ar aghaidh go dícheallach lena gcuid oibre chun a chinntiú go gcuirfí tuarascáil chuimsitheach ar fáil de réir na dtéarmaí tagartha agus na spriocdhátaí a aontaíodh.
Tá tréimhse 9 mí ó thús an chonartha luaite chun leagan críochnúil an athbhreithnithe a chur faoi bhráid mo Roinne - rud a chiallaíonn go mbeadh toradh na hoibre ar fáil faoi dheireadh Márta 2024.
Nuair a bheidh deis ag mo Roinn leagan críochnúil an athbhreithnithe a bhreithniú, beifear in ann breathnú chun cinn ar an gcéad bhaisc eile de phleananna a mbeidh athbhreithniú le déanamh orthu.
No comments