Written answers

Tuesday, 5 December 2023

Department of Education and Skills

Teagasc na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

264. To ask the Minister for Education and Skills briseadh síos a thabhairt ar an líon daoine a raibh díolúine acu ó fhoghlaim na Gaeilge sna blianta acadúla 2017-18, 2018-19, 2019-20, 2020-21, 2021-22 agus 2022-23 de réir rang sa bhunscoil agus de réir bliain san iar-bhunscoil, i.e. an líon daoine a raibh díolúine acu i Rang a 1, Rang a 2, Rang a 3, Rang a 4, Rang a 5 agus Rang a 6 sa bhunscoil agus an líon daoine a raibh díolúine acu sa 1ú Bhliain, sa 2ú Bliain, sa 3ú Bliain, san Idirbhliain, sa 5ú Bliain agus sa 6ú Bliain san iar-bhunscoil; chomh maith leis na cúiseanna ar bronnadh na díolúintí sin de réir rang sa bhunscoil agus de réir bliain san iar-bhunscoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53827/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an Roinn ag obair ar na sonraí a d’iarr sé a chur le chéile agus cuirfidh sí chuig an Teachta iad a luaithe is atá siad ar fáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

265. To ask the Minister for Education and Skills míniú a thabhairt ar an líon ard daltaí, 669 ndalta, ar bronnadh díolúine orthu sa scoilbhliain 2022-23 bunaithe ar na critéir nua i gCiorclán 0054/2022 lena ndéantar soláthar den chéad uair do dhaltaí a bhfuil leibhéal ard riachtanas iolrach agus leanúnach acu atá ina bhac suntasach ar rannpháirtíocht an dalta ina shaol nó ina saol foghlama agus scoile, agus á chur san áireamh go bhfuil sé ráite sa chiorclán nár chóir díolúine a bhronnadh ach i gcúinsí an-eisceachtúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53828/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhian liom a chur in iúl don Teachta go raibh cúinse nua curtha leis na himlitreacha athbhreithnithe ar ábhar díolúine ó staidéar na Gaeilge (Imlitir 0054/2022 bunscoile agus 0055/2022 iar-bhunscoil) a foilsíodh i Meán Fómhair 2022 lena gcur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm ag an gcúinse nua seo freastal ar riachtanais chohórt beag daltaí go bhfuil leibhéal ard riachtanas iolrach agus leanúnach acu atá ina bhac suntasach ar rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht an dalta ina saol foghlama agus scoile. Is mar fhreagra ar riachtanais a d’aithin tuismitheoirí agus scoileanna a cuireadh an cúinse nua seo leis na cúinsí.

De réir sonraí thug scoileanna díolúine ó staidéar na Gaeilge do 669 dalta faoin gcritéar nua seo ag an mbunleibhéal in 2022/23. Is ionann sin agus 0.1% de chohórt na ndaltaí bunscoile.

Is iad na scoileanna a dhéanann an cinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil leanbh i dteideal díolúine a fháil. Ós rud é gur cúinse nua é seo d'fhéadfadh go raibh líon mór na leanaí a raibh a leithéid de riachtanais acu.

Is é mo thuairim go bhfuil sé róluath, i gcéad bhliain chur i bhfeidhm na himlitreacha athbhreithnithe, aon treochtaí ar leith a chinneadh maidir le cur i bhfeidhm an chúinse áirithe seo. Leanfaidh an Roinn ag déanamh monatóireacht leanúnach ar na sonraí seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

266. To ask the Minister for Education and Skills cén líon díolúintí ó staidéar na Gaeilge a ceadaíodh de réir gach iar-bhunscoile sna blianta acadúla 2017-18, 2018-19, 2019-20, 2020-21, 2021-22 agus 2022-23; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53829/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an Roinn ag obair ar na sonraí a d’iarr sé a chur le chéile agus cuirfidh sí chuig an Teachta iad a luaithe is atá siad ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.