Written answers

Tuesday, 5 December 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

74. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén t-ardú atá tagtha ar an méid airgid atá ar fáil do na míreanna Gaeltachta agus Gaeilge sna meastacháin do 2024, le hais 2023, a fógraíodh le gairid; an leor é sin le hobair na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur i gcrích an bhliain seo chugainn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53490/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is soláthar iomlán de €100.098 (€78.027m in airgead reatha agus €22.071 in airgead caipitil) atá curtha fáil i gClár C de Vóta mo Roinne do 2024 le hais €95.893m (€74.322m in airgead reatha agus €21.571m in airgead caipitil) don bhliain reatha.

Foilseofar briseadh síos iomlán ar an gcaiteachas atá beartaithe faoi Chlár C de chuid Vóta mo Roinne i 2024 sna Meastacháin Athbhreithnithe roimh dheireadh na bliana.

Ó bhliain go bliain, leanann mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh reatha agus caipitil a chur ar fáil faoi na cláir Ghaeilge agus Ghaeltachta ar leas foriomlán na teanga agus an phobail. Chuige sin, tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Rialtas seo sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas.

D'éirigh linn méadú 4% a fháil ar mhaoiniú d’earnáil na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, arb ionann le €4.2m de mhaoiniú breise agus leithdháileadh iomlán d'ós cionn €100m don bhliain 2024.

San ardú seo, tá €500,000 curtha ar fáil le tacú le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, mar aon le €500,000 eile atá curtha ar fáil mar thacaíocht do scéimeanna um chuimsiú sóisialta a chuirfidh leis an gcuimsiú, leis an éagsúlacht agus leis an inrochtaineacht ó thaobh na gcoláistí samhraidh de do 2024.

Tá maoiniú freisin i mbliana i mBuiséad mo Roinne a thacóidh le tús a chur le spriocanna de chuid na Straitéise do na hEalaíona Teangabhunaithe a bhaint amach le linn 2024.

Chomh maith leis an infheistíocht seo, beifear ag súil scéim nua a fhógairt le linn 2024 a thacóidh le múinteoirí agus oideachasóirí luathbhlianta barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

Is mian liom tagairt freisin a dhéanamh den infheistíocht shuntasach atá déanta ag an Rialtas seo in TG4 le cúpla bliain anuas. San áireamh anseo, tá €4m cuireadh ar fáil don eagraíocht le déanaí mar Mheastachán Foirlíontach do 2023 agus €4.8m breise arís don bhliain seo chugainn atá curtha ar fáil i mBuiséad 2024.

I bhfianaise seo uile, sílim go bhfuil, bonnchloch maith ag mo Roinn agus muid ag tabhairt faoi chur chun cinn, faoi fhorbairt agus faoi bhuanú na Gaeilge ar fud an oileáin an bhliain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.