Written answers

Tuesday, 5 December 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

73. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Cheist Pharlaiminte 45680/23, cé mhéad limistéar pleanála teanga nach bhfuil oifigeach pleanála teanga fostaithe iontu faoi láthair; chun a iarraidh uirthi soiléiriú a thabhairt ar an anailís atá faoi chaibidil ag an Roinn maidir leis an ábhar seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53610/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, is iad na heagrais forbartha pobail atá aitheanta mar cheanneagraíochtaí pleanála teanga atá freagrach as na pleananna teanga a fheidhmiú sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT).

Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil dhá Limistéar Pleanála Teanga as an 26 LPT ina bhfuil próiseas earcaíochta ar siúl iontu faoi láthair do phost Oifigeach Pleanála Teanga. Is iad sin Limistéar Pleanála Teanga Dún na nGall Thuaidh, áit a mbeidh folúntas ag teacht chun cinn i mí na Nollag, agus Limistéar Pleanála Teanga Ráth Chairn agus Baile Ghib, áit a bhfuil próiseas earcaíochta ar siúl ag an cheanneagraíocht pleanála teanga Comharchumann Forbartha Ráth Chairn le roinnt míonna anuas.

Cé go gcothaítear dúshláin faoi leith de thoradh athruithe foirne isteach agus amach as an gcóras pleanála teanga ó thráth go chéile ní foláir a aithint go mbíonn réimse leathan scileanna agus taithí le sonrú sa ghréasán oifigeach atá fostaithe faoi scáth an phróisis – scileanna agus taithí go deimhin a bhíonn forbartha acu trí bheith ag obair i réimsí eile agus atá siad in ann a chur chun fónaimh ar leas fhoriomlán an phróisis go ginearálta.

Le deiseanna breise ag teacht chun cinn in earnáil na Gaeilge is gá a aithint go mbeidh daoine de shíor ag fágáil an phróisis ar lámh amháin, agus ag teacht isteach ann ar lámh eile – fearacht na dtreochtaí atá le sonrú sa bhfórsa saothair trí chéile.

Bíonn teagmháil leanúnach idir feidhmeannaigh an Údaráis agus na hOifigigh Phleanála Teanga atá fostaithe ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga atá freagrach as feidhmiú na bpleananna sna Limistéar Pleanála Teanga/Bailte Seirbhíse Gaeltachta go háitiúil. Cuirtear tacaíocht, cabhair agus comhairle ar fáil ar bhonn leanúnach ar mhaithe le tacú le feidhmiú rathúil an phróisis.

Mar chuid den chur chuige sin bíonn plé rialta idir na hOifigigh Phleanála Teanga agus foireann pleanála teanga an Údaráis; eagraítear ceardlanna oiliúna, seisiúin eolais, agus seisiúin mheantóireachta ar bhonn leanúnach le cúnamh airgeadais na Roinne; scaiptear eolas ábhartha maidir le samplaí dea-chleachtais agus scéimeanna agus beartais éagsúla a bheadh ábhartha don chúram agus eagraítear imeachtaí/ócáidí ábhartha de réir mar is gá agus a fheileann mar chuid den chur chuige.

Táthar sásta trí chéile go bhfuil an struchtúr pá agus pinsin atá i bhfeidhm i leith an phróisis ar chomhchéim le macasamhail de phostanna eile den chineál céanna i réimsí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.