Written answers

Tuesday, 5 December 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

72. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén líon scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2019, 2022 agus 2023; cén líon teaghlach a choinnigh scoláirí a bhí cláraithe leis an scéim do na blianta sin; cé mhéad airgead a d’íoc an Roinn amach leo sin gach bliain acu sin, leagus 2023 go dtí seo san áireamh; cén deontas in aghaidh na hoíche a bhí i gceist i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53491/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann an tábla thíos léargas ar statisticí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 2019 go 2023, ina n-áirítear an líon scoláire a d'fhreastail ar gach cúrsa agus an líon teaghlach atá cláraithe faoin scéim agus a chuir lóistín ar fáil sna blianta sin.

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
2019
2022
2023
Líon scoláirí 27,032 25416 26,835
Líon Teaghlaigh a choinnigh scoláirí 648 495 511
Caiteachas na Roinne €4,487,770 €3,892,955 €4,623,549*

*caiteachas go dáta (2023) le teaghlaigh cláraithe agus a choinnigh scoláire ar íostas faoin scéim.

Tacaíonn mo Roinn le hearnáil na gcoláistí Gaeilge, earnáil a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn tráchtála go príomha, trí dheontais laethúla a chur ar fáil do theaghlaigh cáilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí a bhíonn ag freastal ar na coláistí. Is ioncam é seo atá saor ó cháin-ioncaim agus atá sa bhreis ar an ioncam a fhaigheann na teaghlaigh ó na coláistí féin.

Go ginearálta, is é an cóimheas oibre don íocaíocht seo ná do gach euro a íocann mo Roinn le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim, íocann na coláistí timpeall €1.20. Is iad na coláistí féin a shocraíonn na rátaí seo agus níl aon ról ag mo Roinn ann.

Tháinig méadú de 20% ó €10 go €12 ar an deontas laethúil atá iníoctha ag mo Roinn le teaghlaigh aitheanta na scéime a chuireann lóistín ar fáil ó thús na bliana 2022.

Anuas air seo, ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim faoi 300% in 2022 ó €2,000 go €6,000. Leathnaíodh scóip an deontais freisin chun costais tosaithe riachtanacha breise a chlúdach ann. Méadaíodh chomh maith i mbliana ó 12 go 16 an t-uasmhéid scoláirí a bhfuil cead ag aon teaghlaigh a choinneáil.

Is údar sásaimh don Roinn go raibh, de bharr na mbeartas éagsúla atá curtha i bhfeidhm aici le dhá bhliain anuas, an líon scoláirí a thug cuairt ar an nGaeltacht i mbliana nach mór ar chomhchéim le figiúr 2019.

Is mar seo a leanas an ráta íocaíochta a rinneadh leis na teaghlaigh a chuir lóistín ar fáil faoin scéim idir 2019 - 2023:-

Deontas laethúil
Ráta 2019
Ardú tugtha [10 Márta 2022]
Ardú tugtha [D. Fómhair 2022]
Ráta 2023
Gnáthchúrsaí €10 €11 €12 €12
Brú/lóistín coláiste €5 €6 €7 €7
Erasmus €17 €19 €21 €21
Árainn Gaeltacht €27 €30 €33 €33

Ní gá a lua go leanfar ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.