Written answers
Tuesday, 5 December 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
68. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Cheist Pharlaiminte 45678/23, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an obair athbhreithniúcháin atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus an cur chuige atá i ngníomh ag an Údarás chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riar; chun a iarraidh uirthi soiléiriú a thabhairt ar na moltaí atá tagtha as an obair athbhreithniúcháin; chun a fhiafraí di cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an scéim nua tacaíochta forbartha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53611/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag éirí as an athbhreithniú a bhí á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar an ábhar seo, tá scéim nua tacaíochta forbartha aige dá chliaint le tacú leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó. Díríonn an scéim nua tacaíochta ar struchtúr agus gníomhaíochtaí tacaíochta leanúnach a thairiscint dá chliaint ina bhfuil líon ard fostaithe.
Tuigim ón Údarás go bhfuil múnla, maoiniú agus cruth na scéime seo pléite le Bord an Údaráis mar chéad chéim agus tráth go mbeidh cead an Bhoird agus maoiniú ina áit, táthar ag súil le scéim phíolótach a fhógairt agus a thairiscint go luath sa bhliain nua.
No comments