Written answers

Tuesday, 5 December 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

67. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na hiarrachtaí arna ndéanamh ar na ceantair Ghaeltachta a chur in aithne do dhaoine atá ag gabháil timpeall na tíre; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53595/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta, is é ról Fáilte Éireann/Fáilte Ireland tacú le fás inbhuanaithe fadtéarmach i rannchuidiú eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil na turasóireachta d’Éirinn.

Cuimsítear i Straitéisí Turasóireachta Réigiúnacha Fáilte Éireann pleananna chun an tairiscint uathúil turasóireachta sna réigiúin Ghaeltachta a fhorbairt agus fócas faoi leith ar bharántúlacht chultúrtha na gceantar Gaeltachta a chosaint.

Tá comhpháirtíocht straitéiseach bunaithe ag Fáilte Ireland agus Údarás na Gaeltachta ó 2022 tráth ar shínigh siad Meabhrán Tuisceana ina sonraítear a dtiomantas go mbeadh eispéireas na Gaeltachta ábhartha agus tarraingteach agus go meallfaí turasóirí dá réir. Beidh an-tábhacht ag baint leis seo d’fhorbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht agus díreoidh an dá eagraíocht ar an leas atá le baint as an tairiscint chultúrtha atá ag na ceantair seo ar mhaithe leis na pobail iontu.

Tríd an gcomhaontú foirmiúil seo, beidh na heagraíochtaí ag obair as lámha a chéile ar roinnt réimsí tosaíochta maidir le forbairt turasóireachta lena n-áirítear tionscadail chaipitil, ag cur le hacmhainn laistigh de thionscal na turasóireachta agus tacú le táirgí turasóireachta a fhorbairt chun ardán a thabhairt don ábhar cultúir atá ar fáil i réigiúin Ghaeltachta na hÉireann, ábhar nach bhfuil le fáil in aon áit eile.

Le blianta beaga anuas tá cláir phíolótacha seolta chun deiseanna turasóireachta Gaeilge a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta ina measc tacaíochtaí chun cabhrú le margaíocht baile agus idirnáisiúnta a bhí dírithe ar an oidhreacht uathúil ceoil agus rince ar fud Chonamara agus na n-oileáin. Tá scéim chun daoine fásta a mhealladh ar ais ag na coláistí Gaeltachta chomh maith trí saoire a chur ar fáil atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta.

Tá bainisteoir lánaimseartha fostaithe ag Fáilte Éireann le déanaí do Shlí an Atlantaigh Fhiáin atá freagrach as na ceantair Ghaeltachta agus as na hoileáin chomh maith.

An bhliain seo chugainn beidh Slí an Atlantaigh Fhiáin ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód. Tá pleananna ar bun faoi láthair chun clár tionscnamh a ullmhú chun an bealach a cheiliúradh agus níos tábhachtaí fós, chun ceiliúradh a dhéanamh ar na pobail a thacaigh leis an togra thar an tréimhse sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.