Written answers
Wednesday, 29 November 2023
Department of Public Expenditure and Reform
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
Rose Conway-Walsh (Mayo, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
53. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an bhfuil sé sásta bualadh le toscaireacht ón earnáil Gaeilge agus Gaeltachta maidir leis an bPlean Fáis, plean infheistíochta atá seolta ag Conradh na Gaeilge agus a bhfuil tacaíocht aige ó bhreis is 130 grúpa fud fad na tíre, chun caiteachas don earnáil a phlé i gcomhthéacs chaiteachas iomlán an Stáit, ní hamháin buiséad Roinn na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52778/23]
Paschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ag Aire Stáit na Gaeltachta atá an phríomhfhreagracht maidir leis an nGaeilge agus pobal na Gaeilge. Is é sin an bealach is fearr agus is oiriúnaí chun an seasamh iomlán maidir le polasaí agus cleachtadh Gaeilge ar fud an Rialtais a phléigh. Táim sásta ar ndóigh, agus bheadh an Rialtas sásta chomh maith, aon mholadh a thabharfaidh an Roinn sin chun cinn a mheas.
No comments