Written answers
Thursday, 23 November 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
226. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén chaoi a mheasfar a bhfuil an té a cheapfar mar Ard-Rúnaí nua ar an Roinn cumasach ar an ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge; an bhfuil sé i gceist leas a bhaint as an Teastas Eorpach do theangacha mar chuid den phróiseas; má tá, cén leibhéal a bheidh le baint amach ag an té a cheapfar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [51720/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
227. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén t-achar ama, tar éis an ceapachán a dhéanamh, a thabharfar d’Ard-Rúnaí nua na Roinne chun líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge; cén caighdeán Gaeilge a bheidh le baint amach agus cén chaoi a mheasfar sin; an féidir a dheimhniú nach ndéanfar an ceapachán buan go mbainfear amach an caighdeán cuí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [51721/23]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 226 agus 227 le chéile.
Tá na critéir riachtanacha don ról aontaithe ag mo Roinnse agus ag TLAC agus déanfaidh PAS iad seo a mheas mar chuid den phróiseas roghnóireachta. Níl Teastas Eorpach na Gaeilge mar chuid den phróiseas earcaíochta seo. Toisc go meastar go mbeidh an té a cheapfar in ann gnó na Roinne a dhéanamh trí Ghaeilge, nó go mbeidh an cumas aige/aici an cumas sin abhaint amach laistigh d’fhráma ama réasúnta; Cuirfidh mo Roinn na tacaíochtaí riachtanacha i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir é seo a bhaint amach, más gá.
Is conradh sealadach ar théarma seasta é post an Ard-Rúnaí ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana ó dháta an cheapacháin.
Tugann Treoir Ghaeilge mo Roinne deiseanna éagsúla d’úsáid agus forbairt na Gaeilge do gach fostaí. Ina theannta sin, leanfaidh mo Roinn ag tairiscint oiliúint fhoirmiúil Ghaeilge dá fostaithe go léir.
No comments