Written answers

Thursday, 16 November 2023

Department of Education and Skills

Pleananna Oideachais

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

151. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist sceideal na ndeontas reatha ar fad atá le híoc le bunscoileanna don scoilbhliain 2023/2024 a chur ar fáil ina dtaispeánfar méid gach deontais; cén uair a íocfar iad ionas gur féidir le bunscoileanna pleanáil cheart airgeadais a dhéanamh [50433/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Roinn seo tiomanta do chistiú a sholáthar do bhunscoileanna aitheanta agus iar-bhunscoileanna aitheanta sa scéim saoroideachais trí dheontais per capita. Is iad an dá phríomhdheontas ná an deontas Caipitíochta, a sholáthraítear chun freastal ar ghnáthchostais reatha laethúla, amhail téamh, soilsiú, glantachán, árachas agus cothabháil ghinearálta, etc., agus an deontas Coimhdeach, a sholáthraítear chun freastal ar an gcostas a bhaineann le baill foirne seirbhísí coimhdeacha a fhostú. Maidir le cistiú caipitíochta a thugtar le haghaidh costais reatha ghinearálta agus le cistiú coimhdeach a thugtar le haghaidh seirbhísí airíochais agus rúnaíochta, is féidir le scoileanna úsáid a bhaint astu mar dheontas coiteann a fhéadfaidh an Bord Bainistíochta a leithdháileadh de réir a thosaíochtaí féin. De bhreis air sin, faigheann scoileanna lear deontas eile, amhail Deontais Leabhar agus deontais Clár.

Is amhlaidh le déanaí a eisíodh cistiú ab fhiú €20 milliún le linn an tsosa lár téarma chun tacú le gach bunscoil aitheanta agus iar-bhunscoil aitheanta sa Scéim Saoroideachais. Is é atá sa chistiú sin ná an chéad tráinse de chistiú breise ab fhiú €60 milliún san iomlán agus a fógraíodh mar chuid de bhearta Bhuiséad 2024 atá ceaptha chun cabhrú le scoileanna na costais reatha laethúla mhéadaithe, amhail costais téimh agus leictreachais, a sheasamh. Soláthrófar cistiú breise ab fhiú €40 milliún sa bhliain 2024.

Tuigim an gá le cistiú caipitíochta méadaithe agus tá áthas orm go raibh mé in ann soláthar a dhéanamh do mhéaduithe suntasacha i gcistiú caipitíochta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna i mBuiséad 2024, rud a n-áirítear leis freisin athbhunú buan an chistiúcháin caipitíochta agus méadú le haghaidh brúnna costas maireachtála a mhaolú.

Le Buiséad na bliana seo, soláthrófar cistiú spriocdhírithe do phobail scoile, agus méadú caipitíochta is ionann agus breis agus €81 mhilliún ann.

Is é €183 in aghaidh an dalta ar an leibhéal Bunscoile ráta caighdeánach reatha an deontais Caipitíochta agus íocfar é le scoileanna i mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2024 le haghaidh na bliana acadúla 2023/24.

Mar chuid den phacáiste caipitíochta i mBuiséad 2024, tá áthas orm go bhfuair mé €21 mhilliún mar mhéadú buan i gcistiú caipitíochta chun cabhrú le scoileanna san am i láthair agus san fhadtéarma na costais reatha laethúla mhéadaithe a sheasamh. Tacóidh sé sin le hathbhunú buan an chistiúcháin le haghaidh gach bunscoile agus iar-bhunscoile ó mhí Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh. Fágfaidh sé sin go mbeidh ráta bunúsach an deontais caipitíochta cothrom leis an leibhéal ar a raibh sé roimh an mbliain 2011, agus é cothrom le €200 in aghaidh an dalta i mbunscoileanna agus le €345 in aghaidh an scoláire i meánscoileanna deonacha. Íocfar rátaí breisithe freisin i ndáil le daltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu. Is ionann é sin agus méadú de thart ar 9.2% i rátaí caighdeánacha reatha caipitíochta agus i rátaí breisithe reatha caipitíochta.

Faigheann scoileanna Deontas Coimhdeach Seirbhísí freisin. Is ionann an ráta caighdeánach agus €173 in aghaidh an dalta i mBunscoileanna agus €224.50 in aghaidh an scoláire in Iar-bhunscoileanna.

Maidir le bunscoileanna a bhfuil níos lú ná 60 dalta acu, íoctar an deontas Caipitíochta agus an deontas Coimhdeach leo ar bhonn 60 dalta a bheith acu. Ar an leibhéal iar-bhunscoile, faigheann scoileanna a bhfuil níos lú ná 200 scoláire acu deontais a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha ar bhonn 200 scoláire a bheith acu.

Féilirí Deontais Scoile ina leagtar amach an sceideal bliantúil íocaíochta deontas, lena n-áirítear Deontais Leabhar, tá siad ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne seo ag

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.