Written answers

Thursday, 16 November 2023

Department of Education and Skills

Covid-19 Paindéim

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

150. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil deontas eile le cur in áit an deontais glantacháin Covid-19 de bharr na gcostas méadaithe atá ar scoileanna de bharr an ardaithe sa chostas maireachtála; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50432/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá breis is €400.7 milliún de mhaoiniú breise deontais Caipitíochta Covid-19 curtha ar fáil go dtí seo do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta d’fhonn soláthar a dhéanamh do chur i bhfeidhm bearta um chosc agus rialú ionfhabhtuithe chun baol leathadh Covid-19 a laghdú.

Ina theannta sin, eisíodh maoiniú €20 milliún le linn an tsosa lár téarma, chun tacú le gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta sa Scéim Saoroideachais. Is éard atá sa mhaoiniú seo ná an chéad tráinse den mhaoiniú foriomlán breise de €60 milliún a fógraíodh mar chuid de bhearta Buiséad 2024 a bhfuil sé i gceist go gcuideodh sé leis na costais reatha laethúla breise atá ar scoileanna ar nós costais teasa agus leictreachais. Cuirfear €40 milliún breise ar fáil in 2024.

Cuireadh i gcuimhne do scoileanna gur beart sealadach é an íocaíocht Chaipitíochta Covid-19 agus go gcoinnítear faoi athbhreithniú í.

Mar is eol don Teachta, is de réir na comhairle sláinte poiblí a bhíonn i réim ag an am a chinntear íocaíocht leanúnach na ndeontas Caipitíochta Covid-19.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.