Written answers

Thursday, 16 November 2023

Department of Education and Skills

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

148. To ask the Minister for Education and Skills an mbeidh deontas á íoc le bunscoileanna sa scoilbhliain 2023/2024 le haghaidh mionoibreacha; agus más rud é go mbeidh, cé mhéad a bheidh i gceist do gach scoil agus cén uair a íocfar é; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50430/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigeann an Roinn an tábhacht a bhaineann leis an Deontas Mionoibreacha do bhunscoileanna. Cuireann an maoiniú solúbthacht mhaith ar fáil ag an leibhéal áitiúil chun cabhrú le scoileanna oibreacha a thacaíonn le feidhmiú na scoile a bhainistiú agus a chur i gcrích.

Íocadh an Deontas Mionoibreacha do bhunscoileanna don` scoilbhliain reatha 2023/2024 i mí Aibreáin 2023. Tugann an maoiniú seo tréimhse mhaith do scoileanna chun pleanáil agus tabhairt faoi oibreacha a thacóidh le feidhmiú scoileanna agus iad ag dul isteach sa scoilbhliain 2023/24.

Tá neamhspleáchas ag scoileanna úsáid a bhaint as an maoiniú seo le haghaidh cothabhála agus feabhsúcháin ar mhionscála ar fhoirgnimh agus ar thailte na scoile. Toisc nach ionann gach suíomh scoile, is iad na scoileanna aonair is fearr a chinnfidh conas an maoiniú seo a úsáid ar an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais ar leith atá acu.

I measc na n-oibreacha a fhéadfar a dhéanamh faoin scéim mionoibreacha tá cothabháil agus feabhsúcháin ar mhionscála ar fhoirgnimh agus ar thailte na scoile, seirbhísí meicniúla agus leictreacha a fheabhsú nó a athsholáthar, troscán chaighdeánach agus trealamh corpoideachais a cheannach, clúdaigh urláir agus dallóga fuinneoige a cheannach, trealamh TF ábhartha a cheannach, feabhsuithe aerála, agus feabhsuithe ar thimpeallachtaí foghlama lasmuigh.

Leithdháileadh móriomlán de €310 milliún ar scoileanna mar Dheontais Mionoibreacha agus Deontais Mionoibreacha Breisithe idir 2018 agus 2023.

Faoi láthair, tá measúnú á dhéanamh ag Aonad Pleanála agus Tógála na Roinne ar a chlár oibre agus ar na tosaíochtaí do 2024 i gcomhthéacs an mhaoinithe atá ar fáil. Déanfar amlíne na híocaíochta don chéad tráinse eile de mhaoiniú na miondeontas do bhunscoileanna a bhreithniú mar chuid den chomhthéacs foriomlán seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.