Written answers

Thursday, 9 November 2023

Department of Housing, Planning, and Local Government

Grúpaí Idir-Rannacha

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

114. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cathain a fhoilseofar na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta; an gcinnteoidh sé go mbeidh ionadaíocht don phobal Gaeltachta ar an bhfochoiste idir-rannach atá bunaithe le práinn ag a Roinn agus ag Roinn na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48385/23]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Grúpa Idir-Rannach (ina bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus Údarás na Gaeltachta) ag leanúint lena chuid oibre maidir le treoir phleanála ar leith a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre ar leith ann freisin atá comhdhéanta den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha le ceantair Ghaeltachta.

Ag an gcruinniú den Ghrúpa Idir-Rannach ar an 15ú Nollaig 2022, comhaontaíodh go gcuirfeadh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán staidéar ar bun in 2023 ar mhodheolaíocht agus formáid do Ráitis Tionchair Teangeolaíochta mar phríomheilimintí de threoirlínte pleanála amach anseo do cheantair Ghaeltachta. Cuireadh tús leis an staidéar seo ina dhiaidh sin i mí Feabhra 2023. Tá obair an chomhairleora beagnach críochnaithe agus beidh sé mar bhonn eolais do dhréacht-threoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta. Bhí roinnt cruinnithe Grúpa Idir-Rannach in 2023 agus tá rannpháirtíocht dhéthaobhach leanúnach idir an dá Roinn.

Tá dréacht-treoirlínte pleanála do Limistéir Ghaeltachta atá á curtha i gcrích faoi láthair le haghaidh m’athbhreithniú agus ansin scagadh éigeantach ina dhiaidh sin faoi dhlí an AE do Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MSC), chomh maith le Measúnacht Chuí (MC). Tá sé beartaithe, faoi réir thoradh na gcleachtaí scagtha, go bhfoilseofar dréacht-treoirlínte ansin le haghaidh comhairliúcháin phoiblí a cheadóidh do gach páirtí leasmhar lena n-áirítear grúpaí teanga tuairimí a chur isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.