Written answers

Wednesday, 8 November 2023

Department of Education and Skills

Clár Tógála Scoileanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

46. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó bhunscoil (sonraí tugtha) le haghaidh Cóiríocht Scoile Bhreise (foirm ASA) a cuireadh chuig an Roinn tamall ó shin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49019/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil iarratas ar chóiríocht bhreise scoile faighte ag mo Roinn ón scoil a bhfuil an Teachta ag tagairt di.

Is éard is cuspóir le scéim cóiríochta breise scoile mo Roinne ná a chinntiú go bhfuil cóiríocht riachtanach maidir le gnáthsheomraí ranga agus cóiríocht do dhaltaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu ar fáil le freastal ar na daltaí atá ar an rolla gach bliain, sa chás nach féidir leis an gcóiríocht atá ann cheana féin freastal ar na riachtanais sin.

Is é príomhfhócas acmhainní mo Roinne le deich mbliana anuas agus don tréimhse atá le teacht ná acmhainn bhreise ríthábhachtach a sholáthar chun freastal ar an déimeagrafach níos airde. Mar sin féin, tá mo Roinn ag obair i dtreo béim níos mó a chur ar uasghrádú agus ar athchóiriú an stoic scoile atá ann cheana agus béim ar leith a chur ar spriocanna gníomhaithe ar son na haeráide.

Bhí oifigigh ó mo Roinn i dteagmháil le húdarás na scoile agus nuair a bheidh freagra faighte ar ais againn uathu, rachfar ar aghaidh leis an iarratas agus eiseofar an cinneadh go díreach chuig údarás na scoile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.