Written answers

Tuesday, 7 November 2023

Department of Justice and Equality

Reachtaíocht Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

802. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality soiléiriú a thabhairt faoi conas a thug an Rialtas freagra i leith cinntí de chuid na gcúirteanna maidir leis an dá athbhreithniú bhreithiúnacha a bhain leis an gceart aistriúchán comhuaineach a fháil le linn cás coiriúil, agus argóintí an Stáit le linn na hathbhreithnithe sin a fhoilsiú. [47587/23]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigtear dom gurb iad an dá athbhreithniú bhreithiúnacha dá dtagraítear ná Diarmaid Ó Cadhla v. An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Éire agus an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí[2018/36AB] agus Diarmaid Ó Cadhla v. An tAire Dlí agus Cirt, Éire agus an tArd-Aighne, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus Coimisinéir an Gharda Síochána [2022/540AB].

Tá curtha in iúl dom, i gcás an chéad athbhreithnithe bhreithiúnaigh, gur tháinig an phríomh-shaincheist chun cinn agus an consantóir ag iarraidh a chás a chur i láthair i nGaeilge sa Chúirt Dúiche, maidir lena mhéid atá dualgas ar an Stát Breitheamh Dúiche dátheangach a chur ar fáil chun cás a thriail. Foráiltear leis an Dearbhú a rinne an Breitheamh ‘go bhfuil dualgas ar an Stát iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun Breitheamh Dúiche dátheangach a shannadh do thriail choiriúil an iarratasóra, atá le teacht sa Chúirt Dúiche.’ Tá cóip den Bhreithiúnas le fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna (courts.ie/ga).

I gcás an dara ceann de na hAthbhreithnithe Breithiúnacha sin, tá curtha in iúl dom gur forchoimeádadh an breithiúnas agus go bhfuiltear ag fanacht leis i gcónaí. Ní cuí dom, mar sin, a thuilleadh a rá faoin Athbhreithniú Breithiúnach sin.

Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna atá freagrach i mbainistiú na gcúirteanna, agus tá an tSeirbhís sin neamhspleách ag comhlíonadh a feidhmeanna di. Chuaigh mo Roinnse i mbun comhphlé leis an tSeirbhís Chúirteanna tar éis don bhreithiúnas a bheith tugtha. Chuaigh an Roinn i dteagmháil le hoifig Uachtarán na Cúirte Dúiche, chomh maith, maidir le sannadh Breithiúna chuig Dúichí ina bhfuil líomatáistí ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ghinearálta.

Tuigtear dom go gcoimeádann an tSeirbhís Chúirteanna comhshocraíochtaí agus nósanna imeachta ar bun chun a chinntiú go mbíonn ateangairí Gaeilge ar fáil i gcomhair na n-éisteachtaí cúirte go léir a mbíonn siad ag teastáil ón gCúirt lena n-aghaidh nuair a chuireann duine in iúl gur mian leis nó léi Gaeilge a úsáid sa chúirt. Tugaim do m’aire, i dTuarascáil Bhliantúil 2022 ón gCoimisinéir Teanga, gur léirigh an Coimisinéir a shástacht ‘go bhfuil cleachtais in áit ag an tSeirbhís Chúirteanna chun déileáil le hiarratais a fhaightear ar Ghaeilge a úsáid sa chúirt’.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.