Written answers

Tuesday, 7 November 2023

Department of Education and Skills

Clár Tógála Scoileanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

521. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil iarratas curtha isteach ag scoil (sonraí tugtha) ar dheontas airgid le seomra aclaíochta/ilúsáide a thógáil; cad é stádas an iarratais; cén uair a dhéanfar cinneadh air; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48284/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Deimhním don Teachta nach bhfuil iarratas faighte ag mo Roinnse ó Ghairmscoil Mhic Dhiarmada, Uimh. Rolla 71244F, i ndáil le seomra aclaíochta/ilchuspóra.

Cheadaigh mo Roinnse cóiríocht bhreise sa scoil le deireanas d’fhonn 1 sheomra gnáthranga amháin, 1 Sheomra Ealaíne amháin agus leithris a chur ar fáil faoin Scéim maidir le Cóiríocht Bhreise.

Is gné den chaiteachas agus den infheistíocht fhoriomlán faoin gClár Tógála Scoileanna iad an infheistíocht agus caiteachas ar Hallaí Corpoideachais. Baineann seomraí Ilchuspóirí agus Hallaí Corpoideachais a chur ar fáil, ar leibhéal na mbunscoileanna agus ar leibhéal na scoileanna iarbhunscolaíochta faoi seach, chomh maith le réimsí spraoi dromchla crua faoin aer, leis an mionteagasc tógála i ndáil le gach foirgneamh nua scoile nó le haon chás ina mbíonn togra mór tógála nó athchóiriúcháin á chur i gcrích maidir le scoil atá ar fáil cheana féin.

Luann beagnach 80% de na scoileanna iarbhunscolaíochta a chuir an Tuairisceán Scoile Bliantúil 2020 faoi bhráid na Roinne go bhfuil Halla Corpoideachais acu. Luann 10% eile sa bhreis air sin go mbíonn deis acu ar Halla Corpoideachais gar don láthair agus tá 5% eile sa bhreis ar an méid sin atá ag tabhairt faoi thograí a gcuirfear Halla Corpoideachais nua ar fáil dá dtoradh. Tá spás spraoi faoin aer ag nach mór gach scoil agus bíonn úsáid á baint ag cuid mhór scoileanna as áiseanna áitiúla in aice láimhe, ina measc hallaí pobail, páirceanna poiblí, páirceanna imeartha agus linnte snámha.

Tá an phríomhbhéim maidir le hacmhainní mo Roinnse le deich mbliana anuas agus go ceann na tréimhse seo romhainn ar sholáthar a dhéanamh do bhreis cóiríochta ar mhaithe le freastal don ardú maidir le gnéithe déimeagrafaíochta go háirithe ar leibhéal na hiarbhunscolaíochta, agus ar sholáthar a dhéanamh do riachtanais na leanaí le riachtanais speisialta oideachais. Tuigfidh an Teachta gurb í an tosaíocht phráinneach atá ag mo Roinnse ná soláthar a dhéanamh d’ionaid nua scoile agus d’athionaid scoile gach bliain, ionas go gcinntítear go mbíonn ionad scoile ag gach leanbh, na mílte leanaí san áireamh atá tar éis a theacht chun na tíre seo le tamall anuas. D’éirigh le mo Roinnse fónamh agus áis a dhéanamh do líon is mó ná 14,000 leanbh as an Úcráin a chlárú ar rollaí bunscoile agus scoileanna iarbhunscolaíochta.

Faoi Thionscadal Éireann 2040, beidh infheistíocht chaipitil isteach is amach le €4.4 billiún á déanamh in earnáil an oideachais i rith na mblianta 2021-2025. Beidh comhad athleantach cistíochta 5 bliana i gceist maidir le tréimhse na mblianta 2026-2030 a ndéanfar a thabhairt bord ar bhord leis an aimsir gach bliain i leith na tréimhse i ndáil le comhad cistíochta foriomlán an Rialtais i leith an PFN dar luach €136 billiún de chaipiteal an státchiste (€165 billiún de chaipiteal iomlán ar chistí nach ón Státchiste a thabhairt san áireamh) agus soirbheoidh sin do bhonneagar inbhuanaithe scoileanna nua-aimseartha a thógáil.

Ligeann an infheistíocht shuntasach sin dúinn dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na pleananna ardaidhmeannacha agus tograí tógála ar ardchaighdeán a chur i gcrích, le béim faoi leith ar inbhuanaitheacht, do phobal scoileanna ar fud na hÉireann. Beidh duail éagsúla ag rith leis an mbéim neartaithe ar athchóiriú a dhéanamh ar an stoc scoileanna atá ar fáil cheana féin agus beidh clár tógála agus athchóirithe maidir le háiseanna Corpoideachais mar chuid de sin faoina dtabharfar gur féidir le daltaí i scoileanna iarbhunoideachais teacht a bheith acu ar áiseanna cuí chun fónamh don soláthar maidir le Corpoideachas, go háirithe i gcomhthéacs an Corpoideachas a thabhairt isteach mar ábhar Ardteistiméireachta ann féin. Cuirfear saoráidí tábhachtacha taitneamhachta ar fáil do phobal an cheantair freisin le háiseanna forfheabhsaithe nua-aimseartha Corpoideachais.

Beidh mo Roinnse ag leanúint den obair ar mhaithe lena chinntiú go mbíonn an infheistíocht chaipitil sna scoileanna dírithe ar an mbealach is éifeachtaí agus is críochnúla ina bhfóntar do shásamh riachtanais oideachais na ndaltaí agus an phobail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.