Written answers

Tuesday, 24 October 2023

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Michael McNamaraMichael McNamara (Clare, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

303. To ask the Minister for Education and Skills an ndéanfaidh sí cur síos ar an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú Gaelcholáiste neamhspleách in Inis, Co. an Chláir ón 23 Márta 2023 i leith, tráth a rinne sí cur síos ar an dul chun cinn go dtí an dáta sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46690/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá gealltanas tugtha ag mo Roinn deiseanna a chruthú chun oideachas trí mheán na Gaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé seo déanta i gcomhthéacs na bhfógraí ar bhunú 47 scoil nua ó 2019, inar féidir aird ar leith a dhíriú ar bhunú Gaelscoileanna, Gaelcholáistí, agus Aonaid Lán-Ghaeilge mar chuid den phróiseas pátrúnachta do scoileanna nua.

Ní mór d’fhormhór na n-iarbhunscoileanna nua acmhainn rollaithe de 600 – 1,000 scoláire a bheith acu. Féadfaidh tairseach níos ísle de 400 dalta a bheith i gceist do Ghaelcholáistí, ag féachaint don mhalairt rogha aonad lán-Ghaeilge (Aonad) a bhunú i scoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Is toradh féideartha é seo ón bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua a bunaítear chun freastal ar riachtanas déimeagrafach. Is féidir freisin le haon phátrún iar-bhunscoile dul i dteagmháil le mo Roinn chun bunú Aonaid i scoil atá ann cheana féin a fhiosrú.

Mar is eol don Teachta, is dócha, tá obair idir lámha sa Roinn anois maidir le polasaí nua a fhorbairt don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an polasaí ar oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar chuid de chreat iomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus tá sé ag tógáil ar éachtaí an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. I measc phríomhchuspóirí an pholasaí tá polasaí soiléir a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna in iar-bhunscoileanna atá ann cheana féin agus atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú agus chun deiseanna nua a fhiosrú do bhunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí mar chuid den phróiseas pátrúnachta.

Cuireadh tús le comhairliúchán poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2022 chun bonn eolais a sholáthar d’fhorbairt an pholasaí nua seo. Chuimsigh sé seo ceistneoir ar líne, glao ar aighneachtaí scríofa, agus sraith fócasghrúpaí. Tá an t-eolas a bailíodh sa phróiseas comhairliúcháin á anailísiú ag institiúid taighde Sealbhú in OCBÁC. Eagraíodh cruinnithe déthaobhacha freisin idir an tAonad um Oideachas Gaeltachta agus príomhpháirtithe leasmhara.

Tá roinnt píosaí taighde a threoróidh forbairt an pholasaí freisin:

  • Athbhreithniú ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar oideachas mionteanga (Sealbhú, OCBÁC)
  • Taighde ar Aonaid agus Sruthanna trí mheán na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla (foireann taighdeoirí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Coláiste Mhuire gan Smál agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan)
  • Tuarascáil ar an soláthar reatha don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (An Roinn Oideachais). Dhá thuarascáil ilchodach ar thorthaí cigireachtaí ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí (An Roinn Oideachais).
Beidh toradh na hoibre thuasluaite fóirsteanach nuair a bheidh iarratais ar nós iad siúd a ndearna an Teachta tagairt dóibh á mbreithniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.