Written answers

Thursday, 19 October 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

34. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén méadú atá i meastacháin a Roinne do 2024 ar an gcaiteachas reatha agus caipitil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht; cé mhéad de sin a bhaineann le soláthar caiteachais breise do phá agus tuarastail in Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45690/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is soláthar iomlán de €100.098 (€78.027m in airgead reatha agus €22.071 in airgead caipitil) atá curtha fáil i gClár C de Vóta mo Roinne do 2024 le hais €95.893m (€74.322m in airgead reatha agus €21.571m in airgead caipitil) don bhliain reatha.

Foilseofar briseadh síos iomlán ar an gcaiteachas atá beartaithe faoi Chlár C de chuid Vóta mo Roinne i 2024 sna Meastacháin Athbhreithnithe roimh dheireadh na bliana.

Is féidir liom a dheimhniú ag an tráth seo, áfach, go mbeidh €1.1 milliún sa bhreis ar fáil i 2024 le haghaidh caiteachais breise ar phá agus phinsin in Údarás na Gaeltachta.

Cuirfidh mo Roinn os cionn €12.3 milliún ar fáil d’Fhoras na Gaeilge in 2024. Anuas ar sin, tá €700,000 breise curtha ar fáil i mBuiséad 2024 don Fhoras Teanga Thuaidh Theas. Cuirfear an maoiniú breise seo ar fáil don dá áisíneacht sa bhForas Teanga, nuair a bheas sé ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níltear in ann cruinnithe CATT a eagrú faoi láthair.

Chomh maith leis seo cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil do Fhoras na Gaeilge, i ndáil le gnéithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (€1,061,165) agus Colmcille (€118,519).

Bíonn mo Roinn ag scrúdú bealaí eile i gcónaí le tacú tuilleadh le pobal na Gaeilge, chun go mbeidh ar a gcumas an teanga a chur chun cinn agus a threisiú, mar a rinneadh i mbliana i gcomhar le Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Gael Linn. Beidh an Roinn ag féachaint freisin ar dheiseanna tacaíochta aon-uaire a thabhairt do thograí ar leith nach dtagann faoi scáth chlár oibre CATT, mar shampla Clár na Leabhar Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.