Written answers

Thursday, 19 October 2023

Department of Education and Skills

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

122. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil cur chun cinn na litearthachta i nGaeilge mar chuid den Straitéis Litearthachta Fadsaoil do Dhaoine Fásta a sheol sé i mbliana agus ráiteas a thabhairt ar chur chuige an Rialtais maidir le litearthacht a spreagadh sa Ghaeilge. [45592/23]

Photo of Niall CollinsNiall Collins (Limerick County, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is príomhchuid é cur chun cinn na litearthachta sa Ghaeilge den Litearthacht d’Aosaigh don Saol (ALL ) - straitéis 10 mbliana an rialtais do litearthacht, d’uimhearthacht agus do litearthacht dhigiteach d’aosaigh.

Tá sé luaite i Straitéis ALL nach mór freastal ar riachtanais litearthachta chainteoirí dúchais na Gaeilge agus gur cheart clár forbartha a chur i bhfeidhm go céimneach chun rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí an Rialtais do chainteoirí dúchais na Gaeilge agus chun cumarsáid ó chomhlachtaí na hearnála poiblí sa Ghaeilge a leathnú. D’fhéadfadh an méid a leanas a bheith san áireamh leis sin:

  • An Ghaeilge a chur san áireamh i bhfeachtais phoiblíochta uile ar fud na meán.
  • Cláir oiliúna shainiúla d’fhoireann ó ghníomhaireachtaí éagsúla (lena n-áirítear cláir sa Ghaeltacht mar chuid den FhorbairtGhairmiúil Leanúnach (CPD)) d’fhonn inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt.
  • Ábhar tacaíochta a chruthú i nGaeilge nádúrtha, inrochtana sa trí phríomhchanúint;
  • Úsáid “Gaeilge Simplí” agus foirmeacha atá inléite;
  • Úsáid faisnéise dátheangaí, foirmeacha dátheangacha etc. agus an dá teanga “taobh le taobh” seachas i ndoiciméid ar leith;
  • Infheictheacht ardleibhéil maidir le doiciméid sa Ghaeilge.
Cé go bhfuil an straitéis ina céim feidhmithe luath, go dtí seo, áirítear an méid a leanas le cur chuige an Rialtais maidir le litearthacht sa Ghaeilge a spreagadh, trí Oifig Cláir Náisiúnta ALL:
  • Mhaoinigh Ciste Comhoibrithe agus Nuála ALL tionscadal chun cúrsa oiliúna teagascóirí ar líne a fhorbairt i dtrí phríomhchanúint na Gaeilge agus i nGaeilge shimplí. Tá an cúrsa seo dírithe ar chleachtóirí litearthachta d’aosaigh atá ag obair le cainteoirí dúchais na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an cúrsa á fhorbairt ag BOO na Gaillimhe agus Ros Comáin agus ag Údarás na Gaeltachta. Leis an gcúrsa ar líne sin déanfar teagmháil le níos mó cleachtóirí litearthachta agus cuirfear oiliúint ar líon níos mó díobh a bheidh in ann tacú le cainteoirí dúchais na Gaeilge i measc dhaoine fásta na Gaeltachta ag a bhfuil riachtanais nár sásaíodh maidir le scileanna litearthachta ina dteanga dhúchais.
  • Craoladh feachtas náisiúnta feasachta litearthachta i Mean Fómhair 2023 agus áiríodh fógra raidió sa Ghaeilge.
Leanfar le litearthacht sa Ghaeilge a chur chun cinn tríd an Straitéis ALL in 2024.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.