Written answers
Thursday, 19 October 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
64. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad limistéar pleanála teanga nach bhfuil oifigeach pleanála teanga fostaithe iontu faoi láthair; soiléiriú ar an anailís atá faoi chaibidil ag an Roinn maidir leis an ábhar sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45680/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is iad ne heagrais forbartha pobail atá aitheanta mar cheanneagraíochtaí pleanála teanga atá freagrach as na pleananna teanga a fheidhmiú sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT).
Tuigtear d’Údarás na Gaeltachta go bhfuil folúntais ann d'Oifigigh Pleanála Teanga in dhá Limistéar Pleanála Teanga as an 26 LPT faoi láthair, sin iad LPT Ráth Chairn agus Baile Ghib agus LPT Thoraí. Tá próiseas earcaíochta ar siúl san dá LPT sin le tamall anuas agus táthar ag súil go mbeidh ceapacháin OPT á ndéanamh sna seachtainí amach romhainn.
No comments