Written answers

Thursday, 12 October 2023

Department of Enterprise, Trade and Employment

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

50. To ask the Minister for Enterprise, Trade and Employment an bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le comhráite idir a Roinn agus an feachtas ar son pacáistiú dátheangach sna siopaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44318/23]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De ghnáth is faoi shainchúram na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thagann an fhreagracht as pacáistiú dátheangach.

Tá tiomantas i Straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge 2010-2030 scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cód deonach a thabhairt isteach maidir le lipéadú agus pacáistiú dátheangach na n-earraí go léir a dhíoltar in Éirinn, mar bhealach chun forbairt a dhéanamh ar an raon réimsí atá ar fáil chun go bhféadfaidh daoine an Ghaeilge a roghnú mar theanga malairte.

Tá beart leagtha síos sa Straitéis seo go ndéanfaidh Foras na Gaeilge, trína chlár ‘Gnó Means Business’, raon leathan tionscnamh a sheachadadh chun tacú le húsáid na Gaeilge sa saol gnó agus eacnamaíoch. Tá dhá leabhrán foilsithe ag Foras na Gaeilge a thugann treoir phraiticiúil don earnáil ghnó ar úsáid an dátheangachais: ‘Comharthaíocht Dhátheangach’ agus ‘Pacáistiú Dátheangach’.

Ba cheart ceisteanna breise maidir leis an straitéis ghinearálta faoi chur chun cinn na teanga agus faoin cód deonach a dhíriú ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.