Written answers

Tuesday, 26 September 2023

Department of Rural and Community Development

Clár Forbartha Áitiúil

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

73. To ask the Minister for Rural and Community Development cad é líon na n-iarratas a fuarthas faoin nglaoch do thograí nua faoin gClár CSP; cén uair a dhéanfar cinneadh cé acu tograí a thiocfaidh ar aghaidh; cad é an líon tograí atá i gceist a cheadú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41289/23]

Photo of Joe O'BrienJoe O'Brien (Dublin Fingal, Green Party)

Tacaíonn Clár um Sheirbhísí don Phobal (CSP) mo Roinne le breis agus 420 eagraíocht phobalbhunaithe, chun seirbhísí áitiúla a sholáthar trí mhúnla fiontair shóisialta. Soláthraíonn CSP ranníocaíocht chómhaoinithe bhliantúil i dtreo gach post coibhéis lánaimseartha (CL) a fhaigheann tacaíocht, agus, nuair is gá, i dtreo an chostais a bhaineann le bainisteoir a fhostú.

Seoladh glaoch nua ar iarratais faoin CSP ar 6 Márta seo caite le buiséad de €1 milliún. Tugadh cuireadh do gach eagraíocht leasmhar nóta coincheapa a chur isteach mar an chéad chéim sa phróiseas iarratais. D’óstáil mo Roinn agus Pobal, a riarann an scéim thar ceann mo Roinne, roinnt ceardlann fhaisnéise chun tacú le hiarratasóirí féideartha.

Fuarthas 197 Nóta Coincheapa san iomlán faoi Chéim 1 den ghlaoch CSP nua, a bhí an-iomaíoch. Tá Céim 1 críochnaithe anois agus tá Céim 2 ar siúl faoi láthair. Tugadh cuireadh do 33 iarratasóir ar éirigh leo i gCéim 1 iarratas iomlán a chur isteach lena bhreithniú roimh an spriocdháta 22ú Meán Fómhair 2023.

Táthar ag súil go gcuirfear an toradh in iúl do gach iarratasóir Céim 2 a chuireann iarratas isteach i mí na Samhna agus is é 10-12 líon na dtograí a cheadófar ar dtús, ag brath ar an leibhéal maoinithe a theastaíonn ó na hiarratasóirí rathúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.