Written answers

Thursday, 13 July 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

100. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil na teaghlaigh ar fad a choinnigh scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí suas go dtí deireadh mhí an Mheithimh tar éis a gcuid íocaíochtaí a fháil ón Roinn; mura bhfuil, cathain a íocfar iad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34527/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is i rith na seachtaine seo caite a sheol formhór na gcoláistí a gcuid éileamh ar íocaíochtaí isteach chuig an Roinn i leith na gcúrsaí atá curtha i gcrích go dtí seo. Tá oifigigh de chuid mo Roinne ag déanamh measúnaithe ar na héilimh sin faoi láthair agus ag súil go mbeidh na híocaíochtaí sin próiseáilte go luath.

Tá na héileamh ar íocaíochtaí a bhí faighte roimhe sin agus a raibh an páipéarachas ina leith in ord próiseáilte ag an Rannóg. Ní mór a lua go bhfuil an rannóg fós ag fanacht ar éilimh ó roinnt coláistí a bhfuil a gcuid cúrsaí críochnaithe acu. Tá meabhrúchán seolta amach ag an Roinn chuig na coláistí sin ag lorg an pháipéarchais chuí chun aon mhoill ar íocaíochtaí a sheachaint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.