Written answers

Thursday, 13 July 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

98. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht soiléiriú a thabhairt ar an obair athbhreithniúcháin atá déanta ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; cathain a thabharfar an obair athbhreithniúcháin chun críche; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34668/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.

Is iad seo a leanas an 10 bplean teanga atá i gceist:

  • Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
  • Ná Déise;
  • Ciarraí Theas;
  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
  • Ciarraí Thiar;
  • Conamara Láir;
  • An Cheathrú Rua;
  • Maigh Eo Thuaidh;
  • Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,
  • Árainn Mhór.
Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróiseas pleanála teanga a fheabhsú.

Tá tréimhse 9 mí ó thus an chonartha luaite chun leagan críochnúil an athbhreithnithe a chur faoi bhráid mo Roinne - rud a chiallaíonn go mbeadh toradh na hoibre ar fáil faoi dheireadh Márta 2024.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.