Written answers

Thursday, 29 June 2023

Department of Education and Skills

Soláthar Iompar Scoile

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

248. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sí cuntas ar an mbeartas teanga maidir le hiompar scoile mar éascaíocht do dhaltaí meánscoile a bhfuil cónaí orthu i limistéir Ghaeltachta agus atá ag iarraidh freastal ar an nGaelcholáiste is cóngaraí dóibh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31890/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is oibríocht shuntasach í an Scéim Iompar Scoile arna bhainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne Oideachais. Sa scoilbhliain reatha, iompraítear breis agus 149,000 leanbh, lena n-áirítear os cionn 18,000 leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, go dtí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre ar bhonn laethúil.

Tá méadú 21% ar thicéid a eisíodh do scoláirí incháilithe agus méadú 38% ar thicéid a eisíodh ar bhonn lamháltais sa scoilbhliain reatha 2022/23 i gcomparáid leis an scoilbhliain 2021/22.

Ina theannta sin, tá seirbhísí scéim iompar scoile á gcur ar fáil sa scoilbhliain reatha do bhreis agus 5,400 leanbh a tháinig go hÉirinn ón Úcráin.

Ba é costas iomlán na scéime in 2022 ná €338.9m.

Tá leanaí incháilithe le haghaidh iompair ag an mbunleibhéal más rud é go bhfuil cónaí orthu 3.2 ciliméadar ar a laghad ón scoil náisiúnta is gaire dóibh agus go bhfuil siad ag freastal ar an scoil sin, agus ar leibhéal na hiar-bhunscoile más rud é go bhfuil cónaí orthu 4.8 ciliméadar ar a laghad ón iar-bhunscoil/ionad oideachais is gaire dóibh agus go bhfuil siad ag freastal ar an iar-bhunscoil/ionad oideachais sin, de réir mar a chinneann an roinn/Bus Éireann, ag féachaint don éiteas agus don teanga.

Ina theannta sin, leanfar le Bearta Maolaithe Sealadacha ar leibhéal na hiar-bhunscoile don scoilbhliain 2023/2024 go dtí go gcríochnófar an t-athbhreithniú ar an Scéim Iompar Scoile. Ciallaíonn sé seo go gcuirtear socruithe iompair ar fáil do roinnt scoláirí iar-bhunscoile atá ag freastal ar an dara scoil is gaire dóibh, a rinne iarratas agus a chláraigh in am agus a bhfuil cónaí orthu níos mó ná 4.8km ón scoil is gaire dóibh.

Maidir le leanaí atá incháilithe ar iompar scoile agus a bhfuil an próiseas iarratais curtha i gcrích in am acu, déanfar soláthar dóibh ar sheirbhísí iompar scoile áit a mbíonn na seirbhísí sin i bhfeidhm.

Maidir le leanaí nach bhfuil incháilithe ar iompar scoile, ach a chríochnaigh an próiseas iarratais in am, déanfar iad a mheas le haghaidh suíochán spártha a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis soláthar a dhéanamh do leanaí incháilithe; tagraítear do shuíocháin den sórt sin mar shuíocháin lamháltais.

Mar gheall ar nádúr an iompair lamháltais do leanaí neamh-incháilithe agus an tosaíocht áiteanna a sholáthar do leanaí incháilithe, d’fhéadfadh go mbeadh barraíocht éilimh ar an soláthar d’áiteanna lamháltais; sna cásanna seo leithdháilfidh Bus Éireann ticéid do shuíocháin spártha trí úsáid a bhaint as próiseas de rogha randamach.

Ar leibhéal na Bunscoile, is chuig an scoil is gaire atá an incháilitheacht d’iompar scoile, ag féachaint don éiteas agus don teanga.

Ar leibhéal na hIar-Bhunscoile, is chuig an ionad oideachais/scoil is gaire atá an incháilitheacht d’iompar scoile, faoi réir eisceachtaí teoranta. Tugann an scéim aird ar éiteas agus ar theanga sa mhéid is go ndéantar eisceachtaí ar incháilitheacht don scéim a mheas i gcás reiligiún mionlaigh agus na Gaeilge.

Ní féidir seirbhís iompar scoile nua a bhunú ach amháin nuair a bhíonn íosmhéid de dheichniúr daltaí incháilithe i gceantar tíreolaíoch ar leith. Tá sé seo freisin faoi réir iarratais agus íocaíochtaí a bheith faighte laistigh de na hamlínte ábhartha.

Dúnadh clárú ticéid le haghaidh Iompar Scoile i dtaca leis an scoilbhliain 2023/24 ar an 28 Aibreán 2023 agus ba é Dé hAoine 9 Meitheamh 2023 an spriocdháta le haghaidh na n-íocaíochta ar líne/cur isteach sonraí cárta leighis uile.

Ag leanúint ar aghaidh ón spriocdháta íocaíochta an 9 Meitheamh 2023, tá Bus Éireann anois ag tabhairt faoi athbhreithniú ar gach iarratas incháilithe ar sheirbhísí Iompar Scoile don Scoilbhliain 2023/24.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.