Written answers

Thursday, 18 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Ghaeltacht

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

37. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht Meán faoin tacaíocht is féidir léi a chur ar fáil chun ceantar Mhúscraí a fhorbairt mar limistéar turasóireachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23655/23]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Carn Uí Néid agus Rinn Mhuintir Bháire agus leithinis iomlán Bhéarra lena n-áirítear baile Neidín i gCiarraí san áireamh i bPlean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris Iarthar Chorcaí agus Neidín (DEDP). Tá Maigh Cromtha, Gaeltacht Mhúscraí/Gleann na Laoi agus Droichead na Bandan mar chuid de gheoghrafaíocht Thuaidh agus Thoir an phlean.

I bhfianaise sinéirgí, comhlántacht agus cuspóirí coiteanna, comhcheanglaíodh plean turasóireachta Ghaeltacht Mhúscraí le DEDP Iarthar Chorcaí agus Neidín, le cúnamh ó Fáilte Ireland agus Foireann an Atlantaigh Fhiáin Iarthar Chorcaí, a chuir tacaíocht agus treoir ar fáil do phobal agus do ghnólachtaí Ghaeltacht Mhúscraí.

Tá na gníomhartha a tháinig chun cinn ó Phlean Mhúscraí áirithe chomh maith sa DEDP foriomlán. Forbraíodh an DEDP chomh maith i gcomhar le Comhairlí Contae Chorcaí agus Chiarraí, le Cuideachtaí Forbartha áitiúla (LDCanna), le hOifig na nOibreacha Poiblí, gníomhaireachtaí eile stáit agus i gcomhpháirtíocht le tionscal na turasóireachta sa cheantar.

Suíonn ionadaithe ó ghnólachtaí turasóireachta i gceantar Mhúscraí ar an nGrúpa Forfheidhmithe don DEDP agus is Comh-Chathaoirleach atá i nduine de na baill ar an bplean foriomlán DEDP, ag oibriú le Fáilte Ireland, leis an dá Údarás Áitiúil, gníomhaireachtaí eile agus le hionadaithe tionscail agus ag tabhairt treoir agus comhairle ar a chur i bhfeidhm le linn 5 bliana an phlean. Tá na gníomhartha sa DEDP dírithe ar líon feabhsúchán i réimsí amhail dáileadh cuairteoirí, réimsí faoin spéir a oscailt suas, taitneamhachtaí faoi dhíon agus an geilleagar oíche, bia ceardaí, margaíocht etc.??

Cheadaigh Údarás na Gaeltachta deontas €60,000 sa bhliain 2022 don chomharchumann pobail áitiúil i Múscraí chun oifigeach turasóireachta a cheapadh ar feadh dhá bhliain chun go leor de na gníomhartha atá leagtha amach sa phlean a chur i bhfeidhm. Mar chuid de chomhpháirtíocht straitéiseach, oibríonn Údarás na Gaeltachta go dlúth le feidhmeannaigh Fáilte Ireland sa réigiún chun tacaíocht a thabhairt dóibh ar an láthair.

Áirítear ar na príomhghníomhartha a bhaineann go sonrach leis an gceantar ón DEDP: an Ghaeilge agus cultúr Gaelach na gceantar Gaeltachta a fhorbairt agus a fheabhsú trí eispéiris thumthacha sa chultúr Gaelach agus teanga a dhéanann eispéiris chearta ar leith dóibh agus dul i mbun oibre lena chinntiú go gcuirtear i gcuimhne do chuairteoirí é go bhfuil siad i gceantar i leith ina labhraítear an Ghaeilge.

Is tionscadal spreagthach laistigh de phlean DEDP é Slí Bhéarra-Breifne agus tá Fáilte Ireland ag obair le gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara faoi láthair chun an tsiúlóid aitheanta fadraoin seo a fhorbairt agus Máistirphlean Shlí Bhéarra-Breifne a chur i bhfeidhm, ina gcuirtear creat ar fáil chun a chinntiú go mbaintear an leas is fearr agus is féidir as an tslí mar eispéireas a mbeidh fonn ar chuairteoirí idirnáisiúnta cuairt a thabhairt uirthi. Téann siúlóid Shlí Bhéarra-Breifne trí cheantar Ghaeltacht Mhúscraí de réir mar a dhéanann sí a bealach ó Oileán Baoi in Iarthar Chorcaí go Blacklion i gContae Liatroma.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.