Written answers

Tuesday, 26 April 2022

Department of Education and Skills

Scoileanna DEIS

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

950. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nár tugadh stádas Deis do bhunscoil (sonraí tugtha) nuair atá stádas Deis ag gach scoil thart orthu agus ag an meánscoil a bhfreastalaíonn iar-dhaltaí na scoile uirthi; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21118/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D’fhógair mé le déanaí go ndéanfar an clár DEIS a leathnú chuig 310 scoil bhreise ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Bainfidh 37 scoil leas as tacaíochtaí breise i ndiaidh an athaicmithe chomh maith. Sainaithníodh scoileanna lena gcuimsiú sa chlár trí shamhail bheachtaithe aitheantais DEIS ar samhail oibiachtúil, bunaithe ar staitisticí í. Ní raibh sé ceangailte ar scoileanna iarratas a dhéanamh ar chuimsiú sa chlár DEIS agus cuireadh an tsamhail i bhfeidhm go cóir cothrom i ngach scoil.

Tá mo Roinn tiomanta dá chinntiú go gcaithfear go cóir agus go cothrom le gach scoil ar an mbealach a sainaithníodh iad lena gcuimsiú sa chlár DEIS. Beidh deis anois ag scoileanna nach raibh sásta leis an toradh nuair a cuireadh an tsamhail aitheantais DEIS i bhfeidhm ar a sonraí rollaithe scoile le hathbhreithniú a dhéanamh ar an toradh sin.

D’fhoilsigh mo Roinn Imlitir 0019/2022 ina dtugtar breac-chuntas ar shonraí an phróisis achomhairc sin le déanaí agus tá sé ar fáil ag www.gov.ie/en/circular/7e7ca-deis-identification-2022-appeals-process-for-schools/

Thug mo Roinn fógra faoin bpróiseas achomhairc do gach scoil ar an 30 Márta 2022. Tá go dtí 5pm Dé hAoine 29 Aibreán ag scoileanna chun achomharc a chur isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.