Written answers

Wednesday, 22 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil Campaí Samhraidh Gaeltachta 2020 a n-eagrú de réir an Comhairlre reatha um Sláinte Phoiblí (NPHET); má tá, cén fáth nach bhfuil campaí faoi dhíon ceadaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17384/20]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an cheist faoi an mbeifí in ann dul ar aghaidh le reáchtáil Scéim na gCampaí Samhraidh ar chor ar bith an samhradh seo idir dhá cheann na meá mar gheall ar Covid-19. Ar mhaithe leis an gcinneadh cuí a dhéanamh faoin ábhar trí chéile iarradh dréacht-prótacal ón eagraíocht Muintearas - atá freagrach as an scéim a riar - ina leagfaí amach an chaoi a mbeadh sé beartaithe acu cúram a dhéanamh de ghnóthaí Covid-19 agus camapí samhraidh ar bun.

Tar éis an prótacal sin a fháil agus a bheith scrúdaithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag mo Roinn araon, rinneadh an cinneadh glacadh lena raibh molta ag Muintearas tairbhe na scéime a theorannú do champaí faoin aer. In éindí leis an gcoinníoll sin, cuireadh roinnt coinníollacha eile leis an gcead ar mhaithe le féachaint chuige go raibh cúram cuí déanta de lucht freastail agus eagraithe na gcampaí chomh maith le foireann Muintearais iad féin mar a bhaineann sé le baol Covid-19.

Tuigfidh an Teachta nach foláir leas sláinte an phobail a chur chun tosaigh i gcónaí agus táim sásta sna tosca reatha gur deineadh é seo mar a bhaineann le an gcoinníoll áirithe seo chun aitheantas faoin scéim a theorannú do champaí faoin aer.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.