Written answers
Tuesday, 15 October 2019
Department of Education and Skills
Scéim Iompair Scoile
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
236. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc a rinneadh chuig an rannóg iompair ina roinn maidir le híocaíocht iompair scoile (sonraí tugtha); cén chúis atá leis an moill ar chinneadh a dhéanamh sa chás seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42228/19]
John Halligan (Waterford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Oibríocht thábhachtach is ea Iompar Scoile atá á bainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne.
Is é is cuspóir do Scéim Iompair Scoile de chuid mo Roinne, le haird chuí ar na hacmhainní atá ar fáil, ná tacú le hiompar leanaí a chónaíonn i bhfad ón scoil is gaire dóibh chuig an scoil agus uaithi.
Sa scoilbhliain 2018/2019 iompraíodh breis is 117,500 leanbh, breis is 13,000 leanbh ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais san áireamh, i mbreis is 5,000 feithcil go laethúil chuig bunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre. Clúdaíodh breis is 100 milliún ciliméadar agus ba é breis is €200 milliún an costas a bhí air in 2018.
Beifear ag féachaint ar an achomharc a bhfuil an Teachta Dála ag tagairt dó ag an chéad chruinniú eile den Bhord Achomhairc um Iompar Scoile ar an 17ú Deireadh Fómhair 2019.
No comments