Written answers
Tuesday, 1 October 2019
Department of Environment, Community and Local Government
Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
472. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government ar son na hAeráide agus Comhshaoil cén sciar den cheadúnas teilifíse a thugtar do RTÉ, do TG4 agus don Chiste Craolacháin faoi seach; cén bunús ar a ndéantar an t-airgead sin a roinnt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39706/19]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dáiltear ioncam ó cheadúnais teilifíse de réir Alt 123 den Acht Craolacháin 2009, ar RTÉ go príomha chun cur i bhfeidhm a chuspóirí seirbhíse poiblí, atá leagtha amach in Acht 2009 freisin, a éascú. An t-ioncam go léir ó cheadúnais teilifíse a bhailítear ó dhíolacháin dhíreacha, íocann An Post le mo Roinn é agus íocann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ranníocaíocht i leith ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’ a eisíonn an Roinn sin chucu siúd a bhaineann leas as an Scéim Sochar Teaghlaigh.As na hollfháltais seo, íocann mo Roinn coimisiún leis An Post i leith na ngníomhaíochtaí ceadúnas teilifíse a dtugann An Post fúthu ina ról mar ghníomhaire bailiúcháin. Ina theannta sin, íoctar 7% de na glanfháltais le hÚdarás Craolacháin na hÉireann as feidhmiú Scéim an Chiste Craolacháin. In 2018, fuair TG4 €4.245m ó ioncam ó cheadúnais teilifíse freisin ach tá an craoltóir maoinithe go hiomlán ón Státchiste anois. Íoctar an t-ioncam eile ar fad le RTÉ.
Taispeántar dáileadh an airgid in 2018 sa tábla seo a leanas.
2018 €M | |
---|---|
Iomlán na bhfáltas | 219.3 |
An Post | 12 |
An Ciste Craolacháin | 14.5 |
TG4 | 4.245 |
RTÉ | 188.6 |
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
473. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil iarratas déanta ag TG4 ar mhéadú ar an maoiniú a fhaigheann siad ón Roinn don bhliain 2020; má tá, cad é an méid airgid atá iarrtha agus cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39707/19]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá TG4 ag fáil maoiniú Státchiste €36.233m i mbliana. Cuimsíonn sé sin maoiniú reatha €34.233m agus maoiniú caipitil €2m.Níor cinneadh an leithdháileadh maoiniúcháin do TG4 le haghaidh 2020 go fóill agus foilseofar é san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe i mí na Nollag.
No comments