Written answers
Friday, 6 September 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Oileán
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
2037. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén leibhéal maoinithe atá ceadaithe do bhóithre ar oileáin Dhún na nGall don bhliain reatha; an bhfuil aon oileán eile á mheas do mhaoiniú laistigh den iarratas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chuig a Roinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36457/19]
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
2038. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí cuntas ar an méid maoinithe a ceadaíodh d’oileáin Dhún na nGall sa bhliain 2019; an dtabharfaidh sí cuntas maidir le pleananna maoinithe don todhchaí d’oileáin amach ó chósta Dhún na nGall don bhliain 2019; an ndéanfaidh sí comparáid idir maoniú don bhliain 2019 agus blianta eile ó 2007 go 2018; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36458/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 2037 agus 2038 le chéile.
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarratas faoin Chlár Mionoibreacha do 2019 faighte ag mo Roinn ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Clúdaíonn an t-iarratas oibreacha ar oileán Árainn Mhór, Uaigh, Toraigh agus Gabhla. Tá an t-iarratas dhá scrúdú sa Roinn faoi láthair na huaire i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil i mbliana agus na h-éilimh éagsúla ar an soláthar sin.
Léiríonn an tábla thíos an leibhéil maoinithe atá ceadaithe ag mo Roinn as soláthar caipiteal na n-oileán ar oileáin Dhún na nGall ó 2007 go dtí 2018:
Bliain | Maoiniú Ceadaithe |
---|---|
2007 | €352,495 |
2008 | €1,081,455 |
2009 | €20,000 |
2010 | €75,098 |
2011 | €102,715 |
2012 | €383,875 |
2013 | €110,158 |
2014 | €0 |
2015 | €327,774 |
2016 | €135,050 |
2017 | €540,611 |
2018 | €372,125 |
No comments