Written answers
Friday, 6 September 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Calafoirt agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
2016. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil cinneadh déanta nach rachfar ar aghaidh le céim a dó agus a trí de thógáil ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin go dtí go mbeidh cé Inis Oírr tógtha; an bhfuil aon bhunús leis an gcinneadh sin ó tharla go bhfuil práinn ann chun brú ar aghaidh leis an dá ché chomh sciobtha agus is féidir; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34900/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta, arís, nach bhfuil an dá fhorbairt luaite, ag braith ar a chéile agus go mbeidh mo Roinn ag brú ar aghaidh leis an dá thionscadal. Mar is eol don Teachta tá forbairt ar na céanna Caladh Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr luaite i Tionscadail Éireann 2040. Tá roghanna éagsúla maidir le forbairt Ché an Chaladh Mhóir á mheas; faoi théarmaí an Chóid Caiteachais Poiblí, beidh Cás Gnó ina thaobh á chur faoi bhráid na Roinne ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Cuirfidh sé seo i bhfos don Roinn na chéad céimeanna eile a bheidh le tógáil i dtaobh an tionscadal. Maidir le Cé Inis Oírr, tá dul chun cinn suntasach déanta agus táthar ag súil go dtosóidh an obair thógála air in 2020.
No comments