Written answers
Tuesday, 28 May 2019
Department of Environment, Community and Local Government
Craoltóirí Seirbhíse Poiblí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
381. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cad iad na bearta atá i gceist aige a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh RTÉ a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge i bhfianaise na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga le gairid inar dúradh go raibh RTÉ ag sarú an Achta Craolacháin, 2009 maidir le soláthar clár teilifíse Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráites ina thaobh. [22850/19]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De réir Alt 98 den Acht Craolacháin 2009, is craoltóir neamhspleách náisiúnta seirbhíse poiblí é RTÉ agus, ar an ábhar sin, níl aon ról agamsa mar Aire ina chuid oibríochtaí ó lá go lá. Foilsíonn RTÉ Ráitis Bhliantúla ar Ghealltanais Feidhmíochta le spriocanna a bhaineann le réimse seirbhísí, an Ghaeilge san áireamh. Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann, mar rialtóir neamhspleách, athbhreithniú ar a fheidhmíocht i gcomhthéacs na spriocanna sin gach bliain.
No comments