Written answers

Tuesday, 27 March 2018

Department of Environment, Community and Local Government

Deontais Ranna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

499. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government ó tharla go bhfuil ar dhaoine táillí bruscair a íoc de réir meáchain anois, cé na socruithe atá curtha ar bun chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil táillí móra bruscair orthu de bharr seanaoise nó tinnis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13681/18]

Photo of Denis NaughtenDenis Naughten (Roscommon-Galway, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcomhréir leis na gealltanais atá leagtha amach in A Resource Opportunity - Waste Management Policy in Ireland, a foilsíodh in 2012, agus ar mhaithe le hathchúrsáil and cosc ar an ndramhaíl a spreagadh, sa tréimhse idir Fómhar 2017 agus Fómhar 2018 beidh deireadh á chur leis an ráta comhréidh do dhramhaíl tí a bhailítear ag colbha an chosáin, de réir mar a athnuaitear conarthaí custaiméara. Rinneadh na bearta rialála is gá le héifeacht a thabhairt don bheart seo.

Mar a bhaineann sé le teaghlaigh a bhfuil dramhaíl tí acu á bailiú ag colbha an chosáin, is fiú a lua nach beart ‘nua’ é don leath díobh a bhfuil praghasphlean dreasaithe acu cheana, i.e. plean a chuireann rogha ar fáil idir táille in aghaidh an ardaithe nó táille de réir meáchain.

Mar a fógraíodh i lár na bliana 2017, ní thabharfar isteach ‘íoc de réir an mheáchain’, is é sin táillí éigeantach in aghaidh an chileagraim. Trí raon muirir a chur ar fáil, beidh sealbhóirí tí spreagtha chun a gcuid bruscair a dheighilt agus a laghdú, agus beidh deis ag bailitheoirí dramhaíola tairiscintí éagsúla ar phraghsanna seirbhíse a fhorbairt a bheidh oiriúnach d’imthosca teaghlaigh éagsúla. Dá bharr sin, ní roghnóidh sealbhóirí tí áirithe an táille cileagraim shimplí le haghaidh bailiúchán dramhaíola. Ina áit sin, roghnóidh sealbhóirí tí áirithe táille ‘in aghaidh an ardaithe’ nó ‘de réir meáchain’ lena tseirbhís bhailiúcháin.

Tabharfar fóirdheontas bliantúil de €75 isteach chomh luath agus is féidir i mbliana, agus cuirfear é ar fáil do dhaoine a bhfuil neamhchoinneálacht leighis saoil nó fhadtéarmach orthu. Cabhróidh sé seo le daoine an meánchostas bliantúil a bhaineann le hearraí don neamhchoinneálacht a dhiúscairt a íoc. Tá an Roinn seo agam i mbun plé leis an Roinn Sláinte agus leis an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte d’fhonn sonraí agus socruithe an fhóirdheontais a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.