Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of Environment, Community and Local Government

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

525. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50677/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

526. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50694/17]

Photo of Denis NaughtenDenis Naughten (Roscommon-Galway, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 525 and 526 together.

Tá an Roinn tiomanta chun seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus a cuid oibleagáidí reachtúla faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh. Ullmhaíodh agus foilsíodh Plean Fórsa Saothair 2017-2019 i gcomhair na Roinne i mí Aibreáin 2017, inar cuimsíodh riachtanais maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge ar son réimsí gnó ar fud na Roinne.

Is é 376 líon na bhfostaithe atá ina gcoibhéisí lánaimseartha sa Roinn seo agam. Mar chuid den phlean fórsa saothair, aithníodh cúig phost ina iomlán ina mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. Tá na poist seo go léir á dhéanamh ag oifigigh a bhfuil Gaeilge líofa acu, sna réimsí seo a leanas:

Oifig/Réimse GnóLíon Poist
Oifig phríobháideach an Aire1
Minister of State's private office Oifig phríobháideach an Aire Stáit1
Aonad um Fhorbairt Straitéiseach agus Chumarsáid/An Phreasoifig2
Rannán Craoltóireachta1

I 2017, earcaíodh 76 ball foirne ina iomlán sa Roinn chun folúntais agus poist nua a líonadh. I mo oifig phríobháideach féin, líonadh folúntas amháin ón bpainéal Gaeilge de chuid Sheirbhís um Cheapacháin Phoiblí, a bhí aitheanta mar phost ina mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. In éineacht leis sin, laistigh den Roinn, ceapadh oifigeach Gaeilge breise don aonad um fhorbhairt straitéiseach agus chumarsáid chun feabhas a chur ar na seirbhísí do chustaiméirí, agus ar na cumarsáidí inmheánacha agus seachtracha trí Ghaeilge, agus chun go mbeadh Gaeilge d'ardchaighdeán á úsáid sna hábhair atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne (www.dccae.gov.ie). Ina theannta sin, bhí oifigeach ceaptha ag Aire Stáit Kyne dá oifig phríobháideach, oifigeach a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge aici. Gach folúntas sa Roinn atá aitheanta mar cheann ina mbeadh an Ghaeilge riachtanach líonta anois.

Tá scéim teanga na Roinne á athbhreithniú agus á nuashonraithe faoi láthair agus táthar i gceist an plean seo a fhoilsiú go luath i 2018. Mar chuid den phróiseas seo, nascfar an scéim seo le pleanáil d'fhórsa saothair na Roinne chun riachtanais sa bhreis ó thaobh na Gaeilge de a aithint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.