Written answers
Wednesday, 27 September 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na mBóithre Áise
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
52. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta aici maidir le scéim na mBóithre Áise a athoscailt chun feabhas a chur ar bhóithre sa Ghaeltacht. [40679/17]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhíodh ciste airgid ag mo Roinn faoina ndéantaí oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre áirithe Gaeltachta i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla. Mar gheall ar thosca airgeadais, tá an ciste agus an scéim faoinar ceadaíodh oibreacha den chineál seo ar fionraí anois agus níl beartaithe ag an bpointe ama seo é a athsheoladh.
Tuigfidh an Teachta go bhfuil ciste airgid ag na hÚdaráis Áitiúla chun oibreacha bóthair a dhéanamh, a chuimsíonn na ceantair Ghaeltachta agus neamh-Ghaeltachta araon timpeall na tire.
No comments