Written answers
Thursday, 13 October 2016
Department of Defence
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
185. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30069/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
186. To ask the Taoiseach and Minister for Defence an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30084/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
187. To ask the Taoiseach and Minister for Defence an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30099/16]
Paul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Molaim Ceisteanna Uimh. 185 go 187, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá seisear sa Roinn faoi láthair atá tar éis iad féin a chur chun cinn chun cabhrú le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus is leor an méid sin chun na riachtanais atá ann a shásamh. Déantar athbhreithniú leanúnach ar na hoibrithe deonacha atá ar fáil.
Níl aon phoist sa Roinn Cosanta a chuireann ceangal ar dhuine a bheith ábalta an tseirbhís áirithe sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Níl ach éileamh teoranta ón bpobal i gcoitinne ar sheirbhísí na Roinne a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Faoi mar a fhoráiltear i Scéimeanna Teanga reatha na Roinne agus sna Scéimeanna a bhí ann roimhe seo, tarraingíonn an Roinn ar bhuíon ball foirne atá bunaithe chun cabhrú le Brainsí na Roinne seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar bhonn deonach agus déileáil le custaiméirí sa teanga sin más gá.
No comments