Written answers

Thursday, 13 October 2016

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

174. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30075/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

175. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30090/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

176. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30105/16]

Photo of Mary Mitchell O'ConnorMary Mitchell O'Connor (Dún Laoghaire, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim ceisteanna Uimh. 174 go 176, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

I suirbhé ar an bhfoireann a rinneadh sa bhliain 2012 chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a ndéileálann an Roinn leis a fháil amach, deimhníodh gurbh an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge le blianta beaga anuas, bíodh siad i scríbhinn, ar an nguthán nó ar bhonn duine le duine. Ós rud é nach bhfuil aon athrú tagtha ar an gcás sin sna blianta ina dhiaidh sin, níor shainaithin mo Roinn, trína próiseas pleanála fórsa saothair, aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina réamhriachtanas.

Ionas gur féidir le mo Roinn cumarsáid a dhéanamh le cliaint ar mian leo a ngnó leis an Roinn a dhéanamh trí Ghaeilge, tá socruithe i bhfeidhm trínar thoiligh 26 bhall foirne le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna cuí chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn a fhéadann cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ba de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a ullmhaíodh Scéim Gaeilge mo Roinne don tréimhse 2015-2018. Leis an Scéim sin, déantar forbairt ar phrionsabail Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus ar an ngealltanas a tugadh i gCairt Chustaiméirí na Roinne maidir lena chinntiú go mbeidh custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge in ann déanamh amhlaidh. Ar aon dul leis na gealltanais a tugadh sa Scéim, tá mo Roinn tiomanta do leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheasúnú ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go leanann sí ar aghaidh ag freastal ar an éileamh sin ar bhealach pleanáilte, comhtháite agus inrochtana. Déanfar cinneadh sna míonna atá le teacht ar an ngealltanas sonrach a bhaineann le sainaithint a dhéanamh ar aon phoist dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge ina riachtanas buntábhachtach agus le gach iarracht a dhéanamh an méid sin a chomhlíonadh, agus aird á tabhairt ar bheartais earcaíochta, ardaithe céime agus oiliúna, de réir mar is cuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.