Written answers
Thursday, 13 October 2016
Department of Environment, Community and Local Government
Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
165. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30068/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
166. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30083/16]
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
167. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30098/16]
Denis Naughten (Roscommon-Galway, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Molaim Ceisteanna Uimh. 165 to 167, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Níl sprioc faoi leith leagtha amach ag an Roinn maidir le hearcú na ndaoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge. Mar chuid den phróiseas earcaíochta le haghaidh fostaithe nua, cuirtear san áireamh na scileanna is inniúlachtaí ar fad a bheadh riachtanach do gach post, cumas feidhmeach sa Ghaeilge ina measc. San am i láthair, fostaítear 11 ball foirne sa Roinn a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge.
Maidir leis an mbeartas earcaíochta ó thaobh na Státseirbhíse de, is ábhar don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é. Reáchtálann an tSeirbhís comórtais oscailte ar bhonn rialta, agus is dlúthchuid den phróiseas sin an sruth Gaeilge. Comhoibríonn an Roinn seo leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun baill foirne a aimsiú a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, cumas feidhmeach sa Ghaeilge ina measc.
No comments