Written answers

Thursday, 13 October 2016

Department of Foreign Affairs and Trade

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

102. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30073/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

103. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30088/16]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

104. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30103/16]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim Ceisteanna Uimh. 102 go 104, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán le seirbhísí a sholáthar agus comhfhreagras a fhreagairt trí Ghaeilge nuair is gá. Léirigh iniúchadh den fhoireann i 2012 go raibh Gaeilge líofa nó ag ard-leibhéal ag 55 baill foirne i mo Roinn, agus d’fhógair 160 baill eile go raibh Gaeilge ag meán-leibhéal acu.

Tá beartas earcaíochta mo Roinne mar gheall ar an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair sa Roinn leagtha amach inár Scéim Teanga. Faoin Scéim sin, rinne mo Roinn gealltanas le triúr Oifigeach le scileanna líofa Gaeilge a earcú roimh dheireadh 2017.

Tá áthas orm a rá go bhfuil ár sprioc de triúr Oifigeach le líofacht sa Ghaeilge a earcú bainte amach againn cheana féin. Tá duine amháin ceaptha mar Oifigeach Gaeilge na Roinne agus beirt eile inár seirbhísí saoránach bunlíne in Oifig na bPasanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.