Written answers

Thursday, 22 January 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Ceapacháin Chuig Boird Stáit

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

221. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a cheapfar an duine atá ainmnithe ag Comhairle Contae Chorcaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta; cén t-údar atá leis an moill ar an gceapachán seo ós rud é go bhfuil an folúntas sin ann ón 19/11/14 agus gur thug an Chomhairle Contae an t-ainm i Meán Fómhair 2014; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3101/15]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

222. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a líonfar an folúntas don bhall ainmnithe ar Bhord Údarás na Gaeltachta; cén próiseas a leanfar chun an duine seo a cheapadh; an ainmneofar bean don fholúntas, ag cur i gcuntas an t-éagothromas atá ar an mbord idir fir agus mná; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3102/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 221 agus 222 le chéile.

Is mian liom a dheimhniú go bhfuil sé i gceist agam ainmniúchán Chomhairle Contae Chorcaí a cheapadh ar bhord an Údaráis go luath. Tá i gceist agam fosta léirithe spéise a lorg go luath ó dhaoine a bhfuil suim acu i gceapacháin chuig bord an Údaráis ach na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí a bheith acu. Is i gcomhréir leis na treoirlínte do cheapacháin ar bhoird Stáit á dhéanfar an ceapachán sin. Déanfar léirithe spéise a lorg go luath tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar.

Tá mé thar a bheith airdeallach go bhfuil sé mar aidhm ag an Rialtas go ndéanfaidh mná suas ar a laghad 40% de chomhaltaí bhoird Stáit. Sa chomhthéacs seo, beidh mé ag cur fáilte ar leith roimh léirithe spéise ó mhná a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu le ceapadh chuig bord an Údaráis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.