Written answers
Tuesday, 27 May 2014
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Postchóid Nua
Maureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
498. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources cén fáth go bhfuil neamhaird á tabhairt ar an nGaeilge agus na postchóid nua á gcinneadh; céard atá á dhéanamh aige chun a chinntiú nach gcuirfear deireadh le seoltaí i nGaeilge. [23189/14]
Pat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tugadh aird ar an Ghaeilge nuair a bhí an Córas Náisiúnta Postchóid á fhorbairt. Ní chuirfear deireadh le seoltaí trí Ghaeilge de bharr Eircodes a bheith á dtabhairt isteach. Leanfar leis an leagan reatha seoltaí. Tá seoltaí i nGaeilge san áireamh sa mhéid sin. Ceapadh Eircode le bheith neodrach ó thaobh teanga de. Cuirfear Bunachar Seoltaí Eircode ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge nuair a sheolfar é in Earrach na bliana 2015.
No comments