Written answers

Tuesday, 27 May 2014

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Na Postchóid Nua

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

493. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources cén socrú atá déanta aige maidir le postchóid i mBaile Átha Cliath, áit a n-úsáideann daoine ‘D’ le haghaidh ‘Dublin’ agus ‘BÁC’ le haghaidh ‘Baile Átha Cliath’ faoi láthair roimh uimhir an cheantair; an leanfar den dá nós seo leis na postchóid nua, mar shampla ‘BÁC04 123’ agus ‘D04 123’ ar Bhaile Átha Cliath 4; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22449/14]

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a úsáidfear Eircodes ní bheidh aon athrú i gceist maidir le seoltaí reatha. Tá seoltaí i nGaeilge san áireamh. Ceapadh Eircode le bheith neodrach ó thaobh teanga de. Ar chúiseanna oibríochta áfach, léireofar cód poist reatha Bhaile Átha Cliath mar an chéad trí charachtar sa chód seacht gcarachtar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.