Written answers
Wednesday, 6 November 2013
Department of Jobs, Enterprise and Innovation
Gníomhaireachtaí Forbartha Fiontar
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
76. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation an bhfuil aon dlí fostaíochta ann a chuireann dualgas ar fhostóirí príobháideacha, atá ag fáil deontais reatha stáit, poist lánaimseartha nó páirtaimseartha a fhógairt go poiblí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47302/13]
Richard Bruton (Dublin North Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuimsítear na hAchtanna Caidrimh Thionscail 1946 go 2012 agus cion suntasach de chorpas na reachtaíochta um chearta fostaíochta go príomha sa dlí fostaíochta a thagann faoi mo shainchúram. Ní dhéantar foráil ann i leith coinníollacha maidir le deontais Stáit a íoc.
Is é is cuspóir le dlí fostaíochta an caidreamh idir fostaithe agus fostóirí a leagan amach, ag soláthar sraith chuimsitheach cearta fostaíochta agus creat maidir le feidhmiú na gceart sin agus réiteach díospóidí. Dá bhrí sin, ní bheadh reachtaíocht ina bhforchuirtear coinníollacha a bhaineann le hearcaíocht ag cuideachtaí ar bhonn deontais Stáit a fháil nó gan deontais Stáit a fháil oiriúnach do reachtaíocht um chearta fostaíochta.
De réir ghníomhartha 36 – 41 de ‘Pathways to Work,’ bhunaigh mo Roinn, ag obair go dlúth leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, Prótacail le Gníomhaireachtaí Forbartha Fiontar chun dlúthshocruithe oibre a chinntiú lena n-áirítear comhroinnt faisnéise maidir le deiseanna oibre a thagann chun cinn i gcliantchuideachtaí Gníomhaireachtaí. Is é an cuspóir ná go n-uasmhéadóidh na cuideachtaí sin earcaíocht daoine cuí-oillte ón gclár beo.
No comments