Written answers

Thursday, 19 April 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 128: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, céard iad na pleananna atá aige le pleananna áitiúla teanga a chur i bhfeidhm sa nGaeltacht faoin Stráitéis Fiche Bliain; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19630/12]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 129: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an bhfuil sé i gceist aige iarraidh ar na heagraíocthaí pobail bunaithe agus ar na Comharchumainn Ghaeltachta pleananna áitiúla teanga a chur i bhfeidhm sa nGaeltacht faoin Stráitéis Fiche Bliain le comhairle ó shaineolaithe, an mbeidh airgead á chur ar fáil dóibh don obair seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19631/12]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I propose to take Questions Nos. 128 and 129 together.

Mar is eol don Teachta, tá ráite sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbeidh forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ag croílár na Straitéise agus go mbeidh sé riachtanach plean teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail do gach ceantar Gaeltachta. Cuimseoidh na pleananna seo gach gné de shaol an phobail lena mbaineann siad agus beidh siad bunaithe ar riachtanais teanga aitheanta na gceantar faoi leith. Tabharfar foráil reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoin mBille Gaeltachta 2012 atáá dhréachtú faoi láthair.

Tá plé ar bun le tamall anuas ag oifigigh mo Roinne le hÚdarás na Gaeltachta chun an cur chuige is fearr a aimsiú don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Mar thoradh ar an bplé sin, tá sé i gceist ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga trí chruinniú a reáchtáil go luath le roinnt eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Glacaim leis go bpléifear na ceisteanna ábhartha uile sa chomhthéacs sin, ar a n-áiritear oiliúint chuí ar fáil in am trátha dóibh siúd a bheidh ag plé le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga i measc an pobail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.